Niamey
Is é Niamey príomhchathair na Nígire in iarthar na Afraice, agus is é an chathair is mó sa tír. Lárionad riaracháin, cultúir agus eacnamaíoch na Nígire atá ann. Tá an chathair suite ar bhruacha abhann na Nígire in iardheisceart na tíre, i lár réigiúin ina shaothraítear milléad péarlach. Sa chathair féin táirgtear brící, earraí ceirmeachta, suimint, agus earraí fíodóireachta. Sa bhliain measadh timpeall is 1.5 milliún duine ina gcónaí in Niamey.
Niamey | ||||
---|---|---|---|---|
Ɲamay (mis) Yamai (ha) ⵏⵉⴰⵎⵢ (mis) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stáit | an Nígir | |||
Príomhchathair de | ||||
Daonra | ||||
Iomlán | 1,026,848 (2012) | |||
• Dlús | 4,291.05 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 239,300,000 m² | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Nígir | |||
Airde | 207 m | |||
Ar theorainn le | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Cód ISO 3166-2 | NE-8 |
Is dócha go raibh lonnaíocht san áit ina bhfuil Niamey inniu sa 18ú haois. Thosaigh baile ag fás i ndiaidh do na Francaigh cur fúthu ann sna 1890idí. Rinne siad príomhbhaile a gcoilíneachta sa chuid sin den Afraic de sa bhliain 1926. Nuair a bhain an Nígir a neamhspleáchas amach sa bhliain 1960, bhí timpeall is 30,000 duine ina gcónaí in Niamey. Bhí 774,255 duine ann de réir meastacháin a rinneadh sa bhliain 2006, agus fás tapa faoin gcathair i gcónaí.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |