Niamh Ní Chróinín

láithreoir teilifíse Éireannach

Is láithreoir teilifíse agus raidió í Niamh Ní Chróinín agus is í an príomhláithreoir ag an tseirbhís do dhaoine óga a bhíonn ar Cúla4.[1][2] Bíonn baint mhór aici le himeachtaí Gaeilge do dhaoine óga. Tá sí ina hambasadóir ag Cúla4 freisin ag imeachtaí do dhaoine óga ar fud na tíre.

Infotaula de personaNiamh Ní Chróinín
Beathaisnéis
BreithBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpearsa raidió, láithreoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirTG4 Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Twitter: niamhnichroinin Instagram: niamhnichroinin Cuir in eagar ar Wikidata

Gairm cuir in eagar

Is as Baile Átha Cliath do Niamh Ní Chróinín agus bhíodh sí ag obair roimhe seo ina DJ le TodayFM, 98Fm, Raidió RíRá agus RnaG. Bhí sí ina moltóir ar an tsraith Junior Eurovision ar TG4. Bíonn sí ina Bean an Tí ag BEO – comórtas ceoil Oireachtas na Gaeilge agus ag comórtas Scléip Ghael-Linn.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Láithreoir agus branda nua ag Cúla4" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-30.
  2. An tOireachtas. "Niamh Ní Chróinín |" (ga). Aerthonnta. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-02. Dáta rochtana: 2022-10-02.