Nokia (go dtí an bhliain 1938 Pohjois-Pirkkala nó Pirkkala Thuaidh) suite i gCúige na Fionlainne Thiar, in aice le Tampere. Sa bhliain 2007, comhaireadh daonra 29,848 duine san áit, agus tá sí 347.8 ciliméadar cearnacha ar achar. Bunaíodh Pohjois-Pirkkala mar bhardas ar leith sa bhliain 1922, nuair a scoilteadh an seanpharóiste úd Pirkkala ina dhá leath, Pohjois-Pirkkala (Pirkkala Thuaidh) agus Etelä-Pirkkala (Pirkkala Theas), agus Loch Pyhäjärvi mar theorainn eatarthu - san am sin, teorainn nádúrtha a bhí ann, ó nach raibh droichead ná mórán caidrimh thar an loch. Sa bhliain 1938, hathainmníodh Pohjois-Pirkkala mar Nokia, agus baisteadh ainm an tseanpharóiste, Pirkkala, ar Etelä-Pirkkala.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilNokia
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 61°28′36″N 23°30′19″E / 61.4767°N 23.5053°E / 61.4767; 23.5053
Stát ceannasachan Fhionlainn
Regional State Administrative Agency (en) AistrighWestern and Central Finland Regional State Administrative Agency (en) Aistrigh
Réigiún de chuid na FionlainnePirkanmaa Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán35,730 (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús123.93 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighTampere sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla288.3 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1922
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachNokia City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinnokiankaupunki.fi Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Nokiankaupunki Twitter: nokiankaupunki Instagram: nokiankaupunki Cuir in eagar ar Wikidata

De réir na seanteoirice, is é is ciall leis an bhfocal nokia ná "sáible" (Martes zibellina, nó sable as Béarla), is é sin, cineál ainmhí creiche atá cosúil leis an gcat crainn. I bhFionlainnis an lae inniu, áfach, úsáidtear an focal soopeli, a tháinig as an bhfoinse chéanna is an focal Béarla agus an téarma Gaeilge. Is beag Fionlannach inniu a shamhlaíonn sáible nó cat crainn leis an ainm sin Nokia, cé go bhfuil pictiúr an ainmhí ar armas na cathrach. Ní hé sin an t-aon teoiric atá ann, áfach. Deir na bitheolaithe inniu nach raibh sáiblí le fáil go nádúrtha i ndúlra na Fionlainne riamh, agus iad ag tabhairt le fios gurbh é an béabhar a bhí i gceist le nokia.

Sna 1970idí, cuireadh an dá pharóiste Tottijärvi agus Suoniemi le Nokia.

Naisc sheachtracha cuir in eagar