Is píblíne mhór gháis Nord Stream 2 (nó NS2), 1207 ciliméadar idir an Rúis agus an Ghearmáin. Tháinig deireadh leis an obair thógála i mí Mheán Fómhai 2021. Bhí an phíblíne réidh le gás a thabhairt ón Rúis chun na Gearmáine. Ach ní raibh deimhniúcháin déanta riamh ag an rialtóir fuinnimh na Gearmáine ar an obair. Faoi dheireadh, bhí an tionscadal curtha ar athlá ag an nGearmáin sa bhliain 2022 ar chúiseanna geopholaitíochta.[1]

Bosca Sonraí EagraíochtaNord Stream 2

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálpíblíne gháis Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
26 Meán Fómhair 2022 2022 Nord Stream pipeline sabotage (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
OibreoirNord Stream 2 AG (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNord Stream (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinnord-stream2.com →  (2022) Cuir in eagar ar Wikidata

Lá amháin, b'fhéidir, tarraingeoidh sé b'fhéidir 55 billiún méadar ciúbach gáis in aghaidh na bliana ón Rúis chuig an nGearmáin. Sin soláthar i gcomhair 26 milliún teaghlach.[2]

Tógáil cuir in eagar

Agóid i mBeirlín, 12.Eanáir 2021.
Léargas ginearálta

Tá an comhlacht Gazprom na Rúise i mbun an tionscadail.

Ábhar teannais is ea spleáchas na hEorpa ar fhuinneamh ón Rúis agus tharraing an phíblíne conspóid i gcónaí.

Ar dtús, ba 'réiteach' é Nord Stream 2, mar a measadh sna 2010idí, ar leithéid na géarchéime a tharla i ngeimhreadh na bliana 2009 nuair a dhún an Rúis na píobáin gáis ar an Úcráin. Rinne an Rúis sin de bharr 'moill íocaíochta;, a dúradh ag an am. Ach fágadh tíortha eile thiar ar bheagán gáis de bharr an aighnis, rud a chuir sceon ar rialtais na hEorpa. Chuir an géarchéim seo brú ar an nGearmáin NS2 a thógáil. Ina theannta sin, bhí Gerhard Schröder, iar-Sheansailéir na Gearmáine ag déanamh stocaireacht, don Rúis agus ag cur Nord Stream 2 chun cinn.

Thosaigh staidéar féidearthachta ar Nord Stream 2 i mí Aibreáin na bliana 2011, agus i bhfad níos déanaí, i mí na Bealtaine 2018, cureadh tús leis an obair thógála i nGreifswald sa Ghearmáin.

Bhí an tAontas Eorpach ag brath níos mó ná riamh ar an Rúis, agus i rún ar 21 Eanáir 2021, d’iarr feisirí an Aontais Eorpaigh stop a chur le Nord Stream 2 (agus seachtrachtaí éiceolaíocha ann chomh maith).[3]

Cosc cuir in eagar

Ar an 22 Feabhra 2022, bhí cosc curtha ag an nGearmáin le próiseas deimhniúcháin phíblíne chonspóideach gháis Nord Stream 2. Ba é seo freagra na Gearmáine ar aitheantas na Rúise don dá réigiún in oirthear na hÚcráine, Luhansk and Donetsk. Dúirt an Seansailéir Olaf Scholz: “Tá cuma theicniúil ar an stop seo ach is céim riachtanach den tionscnamh deimhniúchán a dhéanamh ar an bpíblíne agus dá uireasa ní féidir le Nord Stream 2 tosú ag feidhmiú.”

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Píblíne Nord Stream 2 ón Rúis stoptha ag an nGearmáin, an teannas faoin Úcráin ag éirí níos measa" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-29.
  2. Diarmuid Johnson (2011). "Gás don Eoraip: Trí Ollphíobán le Tógáil". Dáta rochtana: 2022.
  3. "Céard is cúis leis an gcaidreamh achrannach idir an Eoraip agus an Rúis? | Nuacht | Parlaimint na hEorpa" (ga). www.europarl.europa.eu (2021-02-02). Dáta rochtana: 2022-05-29.