Is teanga Sailíseach í Nuxálk, a labhraínn 20-30 seanduine í i mBella Coola i gCeanada. Tugadh Bella Coola ar an teanga, ach is fearr an t-ainm dúchais Nuxálk anois.

Infotaula de llenguaNuxálk
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Dúchasach doNáisiún Nuxálk agus British Columbia
StáitCeanada
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teanga bhundúchasach
teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá
an tSéilisis
Tréithe
Leibhéal leochaileachta5 i mbaol báis
Cóid
ISO 639-3blc
Glottologbell1243
Linguasphere66-EAA-a
Ethnologueblc
UNESCO1525
IETFblc
Endangered languages1676

Tá 28 consan agus 3 ghuta ag Nuxálk. Ní úsáidtear an coincheap de shiolla ann, mar is féidir le go leor consan a leanúint a chéile gan guta inmheánach eatarthu. Tá clú ar theangacha Sailíseacha, go háirithe Nuxálk, de bharr seo. Mar shampla, níl ach consan sa focal seo a leanas: xłp̓x̣ʷłtłpłłskʷc̓ [xɬp’χʷɬtɬpɬːskʷʦ’] "Bhíodh planda bunchberry ina sheilbh aige." (Nater 1984)

Tá go leor focal i Nuxálk mar an gcéanna:

  • [ps] 'cruth'
  • [p’s] 'lúb'
  • [p’χʷɬt] bunchberry as Béarla (go lit., caor thriopallach)
  • [ʦktskʷʦ] 'tháinig sé'
  • [tʦ] 'buachaillín'
  • [skʷp] 'seile'
  • [sps] 'gaoth anoir-aduaidh'
  • [tɬ’p] 'gearr le siossúr'
  • [sʦ’q] 'sail ainmhí'
  • [sʦ’qʦtx] 'sin mo shail ainmhí thall ansin'
  • [tɬ] 'láidir'
  • [q’t] 'téigh cois farraige'
  • [qʷt] 'cam'

Tagairtí cuir in eagar