NOx is ea ocsaídí nítrigine, agus drochthruailliú an aeir a sceitear as innill dócháin inmheánaigh agus próisis thionsclaíocha.

ocsaídí nítrigine sa Ghearmáin, stair ó 1990 ar aghaidh

Ciallaíonn an fhoscript x nach mbíonn líon ar leith adamh ocsaigine nasctha leis an adamh nítrigine sa mhóilín.

Má ionanálaítear aer lena laghad is leathpháirt sa mhilliún de NOx ann, cuireann sé isteach go tubaisteach ar dhaoine le plúchadh, galar ainsealach scamhóige, nó galar croí. Mar sin, tá iarrachtaí teicneolaíocha is reachtúla ar siúl ar fud an Domhain an truailliú seo a laghdú, fiú a dhíothú ar fad.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ocsaídí nítrigine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 491.