Oilthigh Napier Dhùn Èideann
Is ollscoil phoiblí í Oilthigh Napier Dhùn Èideann, Albain (Gaeilge na hÉireann: Ollscoil Napier Dhún Éideann). Bunaíodh Ceardcholáiste Napier (Béarla; Napier Technical College), réamhtheachtaí na hollscoile, i 1964, ag glacadh a hainm ón matamaiticeoir agus fealsamh Albanach John Napier ón 16ú haois. D'oscail an Tiarna Douglas-Hamilton an 'Ceardcholáiste Napier' go hoifigiúil mar ollscoil i 1992, agus rinneadh Ollscoil Napier di. Sa bhliain 2009, athainmníodh an ollscoil mar Oilthigh Napier Dhùn Èideann.[1]
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | ollscoil phoiblí | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1965 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Jisc Cumann Eorpach na nOllscoileanna | ||||
Líon scoláirí | 17,000 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Líon fostaithe | 1,660 | ||||
ISIL | GB-StEdNU | ||||
Suíomh gréasáin | napier.ac.uk | ||||
Tá an ollscoil bunaithe timpeall ar a trí phríomhchampas i nDún Éideann: Merchiston, Creag Longairt agus Sighthill. Tá os cionn 19,500 mac léinn aici, lena n-áirítear iad siúd atá ar an gcampas in Albain agus daoine eile a dhéanann staidéar ar chláir thrasnáisiúnta thar lear agus ar líne.[2] In 2018, chuimsigh sé seo beagnach 9,500 mac léinn idirnáisiúnta agus AE, as níos mó ná 140 náisiún ar fud an domhain.[3]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ “Our history” (en). Napier. Dáta rochtana: 2019-05-10.
- ↑ “Facts & Figures”. Edinburgh Napier University. Dáta rochtana: 10 March 2016.
- ↑ “Edinburgh Napier University Corporate Key Facts”.