Breosla iontaisithe, meascán coimpléascach hidreacarbón. Cruthaithe trí théamh is brú as fuílleach orgánach thar na milliúin bliain. Tugtar ola amhnádúrtha air. Líonann sí na póireanna idir na gráinní i gcarraigeacha dríodair. Bailíonn sí nuair a chuireann sraith carraige dophollta cosc nó caipín ar a ascnamh suas. Faightear le gás nádúrtha is hidreacarbóin sholadacha í (tugtar peitriliam ar an meascán sin), agus uisce. Tar éis a scagtha, úsáidtear í mar bhreosla príomhúil sa tionscal, agus mar sin tá sé an-tábhachtach sa gheilleagar, agus cinnte, i bhforthéamh an Domhain.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ola". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 495.