Ábhar orgánach a fhaightear le héatanól trí choipeadh is ea ola fhiúsalach. Den chuid is mó, alcóil le maiseanna móilíneacha arda a bhíonn ann, 3-5 adamh carbóin iontu. Má bhíonn tiúchan an-íseal díobh inti, tugann siad a bhlas sainiúil do dheoch choipthe, bíodh sin taitneamhach nó a mhalairt. Má bhíonn tiúchan ard inti, is féidir go gcuirfidh sé tús le tart is tinneas cinn.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ola fhiúsalach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 495.