Oliver St. John Gogarty

scríbhneoir, lúthchleasaí agus máinlia Éireannach

Ba scríbhneoir, dea-chainteoir, lúthchleasaí agus fiú máinlia Éireannach é Oliver St. John Gogarty (Oiliféir Mag Fhógartaigh i nGaeilge; rugadh 17 Lúnasa 1878 agus d'éag 22 Meán Fómhair 1957). Bhí sé lán d'aer an tsaoil agus  is iomaí caint a tharraing a shaol príobháideach.

Infotaula de personaOliver St. John Gogarty

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Oliver St John Gogarty
Beathaisnéis
Breith17 Lúnasa 1878
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Meán Fómhair 1957
79 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Seanadóir na hÉireann
6 Nollaig 1934 – 19 Bealtaine 1936
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Seanadóir na hÉireann
6 Nollaig 1928 – 6 Nollaig 1934
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

1ú suí de Sheanad Éireann
9 Samhain 1922 – 6 Nollaig 1928
Téarma parlaiminte: 1ú suí de Sheanad Éireann

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir sacair, scríbhneoir leighis, polaiteoir, file, máinlia Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Bohemian Football Club Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1924Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1924 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileMartha Mary Duane (1906–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteOliver Duane Gogarty, Dermot St. John Gogarty, Brenda Marjorie Beatrice Gogarty Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHenry Gogarty  agus Margaret Oliver
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 4670 Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoil cuir in eagar

 
a chlinic, 1915-1917

Rugadh i gCearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath é. Agus é ina mhac léinn leighis, chrom sé ar ag cumadh dánta agus amhráin grinn a thuil clú éigean dó.

Bhí meas nach beag ag W.B. Yeats ar a chuid filíochta agus chuir sé neart dá dánta i gcló ins an Oxford Book of English Verse.

 
1922

Ba mháinlia chluais deaslámhach é agus cáil air dá réir. Tar éis bunadh an Saorstát, rinneadh seanadóir de sa bhliain 1922. x

Oíche amháin rinne buíonn fhearaibh é a fhuadach. De réir dealramh rún acu é a mharú ar bhruach na Life. Lena aclaíocht agus neart, bhris sé saor agus isteach leis sa sruth ag snámh leis chun sábháilteacht. Gheall sé go mbronnadh sé péire eala ar abhainn na Life, i mbuíochas don abhainn. Rinneadh amhlaidh agus rinne sé comóradh ar an eachtra seo ina dhán An Offering of Swans, 1923.

Bhain Gogarty bonn bonn óir ag na Cluichí Tailteann[1] sa bhliain 1924 dá leabhar An Offering of Swans.

 
Rinn Mhaoile

Scríbhneoir cuir in eagar

Bhí meas nach beag ag W.B. Yeats ar a chuid filíochta agus chuir sé neart dá dánta i gcló ins an Oxford Book of English Verse. Bunaíodh an carachtar Buck Milligan in Ulysses air agus bhí aighneas idir é féin agus James Joyce fán léiriú bréagach dár le Gogarty a dtugadh air.

Cheannaigh sé teach mór i Rinn Mhaoile, Co. na Gaillimhe, áit ar chaith sé neart ama agus ar thug roinnt mhaith daoine mór le rá cuairt air.

Bhí carr aige fán am sin, rud thar a bheith annamh agus cáil air mar gheall ar luas a thaistil.

 
Teach tábhairne, Oliver St. John Gogarty Pub, i mBÁ¢ inniu

Imirce cuir in eagar

Tar éis sin is uile, d'fhág sé Éirinn (agus a bhean) sa bhliain 1939. Chuir sé faoi, faoi dheireadh, i Nua-Eabhrac. D'éirigh sé ina scríbhneoir lánaimseartha ann.

Tháinig galar croí air i Nua-Eabhrac, agus fuair sé bás ann sa bhliain 1957.

Leabhair cuir in eagar

  • An Offering of Swans (1923)
  • Wild Apples (1928)
  • As I Was Going down Sackville Street (1937)
  • Others to Adorn (1938)
  • I Follow St Patrick (1938)
  • Intimations (1950)
  • It Isn't This Time of Year at All! (1954)
  • Tumbling in the Hay
  • Collected Poems (1954)
  • A Week End in the Middle of the Week (1958)

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Tailteann Games (Irish Free State)" (as en) (2019-06-11). Wikipedia.