Olivia Mitchell

polaiteoir Éireannach de chuid Fine Gael

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Bhaile Átha Cliath Theas ón mbliain 2007 í Olivia Mitchell (Gaeilge: Olivia Mistéil) (rugadh í 31 Iúil, 1947 ). Tá sí ina ball de Fine Gael. Níor ghlac sí páirt san Olltoghchán 2016.

Infotaula de personaOlivia Mitchell

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Iúil 1947
76 bliana d'aois
Biorra, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

29 Meán Fómhair 2014 – 27 Lúnasa 2016
Ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa
Ina hionadaí do: Éire

27 Eanáir 2014 – 29 Meán Fómhair 2014
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil


Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

Rugadh i mBiorra Chontae Uíbh Fhailí í. Fuair sí a cuid oideachais go háitiúil agus i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath áit a ndearna sí staidéar ar eacnamaíocht agus polaitíocht. Ba mhúinteoir eacnamaíochta í sular thug sí faoin bpolaitíocht. Thosaigh sí ar an bpolaitíocht sa bhliain 1985 nuair a toghadh chun Comhairle Contae Dún Laoghaire-Rath an Dúin í. Bhí sí mar Chathaoirleach ar an gComhairle sa tréimhse 19951996. D'fhan sí ar an gComhairle go dtí an bhliain 2003.

Conspóid cuir in eagar

Dar le Binse Fiosrúcháin Mahon thóg sí íocaíocht mhí-oiriúnach de £500 ó Frank Dunlop ag Toghchán Ginearálta 1992, tar éis go raibh cruinnithe aici leis maidir le tinscnamh Quarryvale.

Tagairtí cuir in eagar