Is próiseras é an Osmóis ina idirleathann tuaslagóir (go minic uisce) trí scannán leaththréscaoilteach, ó tuaslagán le tiúchan tuaslagáite íseal (poitéinseal uisce ard) go dtí tuaslagán le tiúchan tuaslagáite ard (poitéinseal uisce íseal), suas grádán tiúchana tuaslagáite.

Próiseas na hosmóise insamhlaite ar ríomhaire

Is próiseas fisiceach é ina ngluaiseann tuaslagóir, ó thaobh amháin go taobh eile, gan inchur fuinnimh, trí scannán leaththréscaoilteach (tréscaoilteach don tuaslagóir, ach ní don tuaslagáit) a indhealaíonn dhá tuaslagán le tiúchanaí difriúil.