Pádraig Mac Con Midhe

iar-Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael

Ba é Pádraig Mac Con Midhe (8 Meán Fómhair 189628 Márta 1975), arbh as Foirceal, Contae Ard Mhacha ó dhúchas é, an 13ú huachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael idir 1938 agus 1943.[1][2] Ba é an chéad uachtarán CLG as Cúige Uladh.

Infotaula de personaPádraig Mac Con Midhe
Beathaisnéis
Breith8 Meán Fómhair 1896
Bás28 Márta 1975
78 bliana d'aois
Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael
1938 – 1943
← Roibeárd Ó CaoimhSéamus Gardiner (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Oiliúna De La Salle
Ollscoil Londan Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfeidhmeannach spóirt Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an-spéis aige sa Ghaeilge ar feadh a shaoil, agus d’oibrigh sé mar scrúdaitheoir do Bhord Oideachais Thuaisceart Éireann.

Is fearr cuimhne air mar uachtarán CLG ag an tráth a baineadh Dubhghlas de hÍde as mar phátrún CLG.[3] Ba chinneadh deacair é sin, mar gheall ar an méid a rinne de hÍde chun an Ghaeilge a chur chun cinn, ceist a bhí gar do chroí Mhic Con Midhe.[4]

Ina onóir, bronnann CLG Gradaim McNamee as sármhaitheas i réimsí na cumarsáide, an chaidrimh phoiblí agus na hiriseoireachta a bhaineann leis an CLG.[5][6]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “MAC CON MIDHE, Pádraig (1896–1975) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-05-03. Dáta rochtana: 2015-01-05.
  3. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-05. Dáta rochtana: 2015-08-25.
  4. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-04-03. Dáta rochtana: 2015-04-02.
  5. Archived copy”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-04-03. Dáta rochtana: 2015-04-02.
  6. "Pádraig Mac Con Midhe". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-07-31. Dáta rochtana: 2022-07-30.