Pápa Gréagóir XVI

Pápa ó 1831 go 1846
(Athsheolta ó Pápa Greagóir XVI)

Ba phápa ar an Eaglais Chaitliceach Rómhánach é Gréagóir XVI idir 1831 agus 1846. Ba mhanach Ceamaldóilíseach é, bráinse dian den Ord Beinidicteach. Bhí cáil air mar choimeádach agus traidisiúineóir nuair a bhí an Eoraip ag dul i dtreo bhliain na réabhlóíde.

Infotaula de personaPápa Gréagóir XVI

(1844, Pálás Versailles) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Gregorius PP. XVI
Beathaisnéis
Breith(it) Bartolomeo Alberto Cappellari
18 Meán Fómhair 1765
Belluno (Poblacht na Veinéise)
Bás1 Meitheamh 1846
80 bliana d'aois
An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaBaisleac Pheadair Cuir in eagar ar Wikidata
254 Pápa
2 Feabhra 1831 – 1 Meitheamh 1846
← Pápa Pius VIIIPápa Pius IX →
Cairdinéal
21 Márta 1825 – 2 Feabhra 1831
Ab
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Réimse oibreAn Chríostaíocht
Suíomh oibre An Róimh
Stáit an Phápa Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmeaspag Caitliceach (1831–), sagart Caitliceach (1787–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Laidin agus an Iodáilis
Ord crábhaidhBeinidictigh
CoisreacanBartolomeo Pacca (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
14 Nollaig 1830comhthionól cairdinéal 1830–31
1829comhthionól cairdinéal 1829 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú


Find a Grave: 9568039 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Bartolomeo Alberto Cappellari sa bhliain 1765 i mBelluna san Iodáil. Chuaigh sé san Ord Ceamaldóilíseach ina óige, ach tháinig aird ar a chumas mar dhiagaire agus mar theangeolaí. Ba eisean ar cheann de na cosantóirí is mó den Pápa tar éis do Napoleon na Stáit Pápúil a ghabhadh. Tar éis teacht ar ais Pius VII don Róimh in 1814, fuair an tAthair Cappellari post i seirbhís na hEaglaise sa Róimh. Rinneadh an Pápa Leo XII cairdinéal dó in 1825. Nuair a thoghadh é mar Phápa in 1831, ní raibh sé ina easpag - ba é an sagart deireanach nár easpag é a thoghadh ina Phápa.

Bhí an Pápa Greagóir coiscrithe ina easpag, a cur tús le pápaireacht fíor-choimeádach. Bhí liobrálaigh ag teacht chun cinn ar fud na hEorpa agus bhí fuinneamh sna gluaiseachtaí náisiúnta nua. Bhí Greagóir i gcoinne dul chun cinn teicneolaíochta ar nós soilsiú gáis agus na hiarann-róid. Ó thaobh conspóid diaga, chuir sé tosach leis an frith-gníomhú ultramointéanach i gcoinne na Gailiceánaigh, Caitlicigh a sheas ar son saoirse na n-eaglaisí náisiúnta i gcoinne lár-riaradh na heaglaise sa Róimh. I dtosach a réim, bhí liobráiligh sa bhFrainc, ar nós an tAthair Felicité de Lammenais, ar son polasaithe Greagóir i gcoinne na Gailiceánaigh coimeádach i measc cliarlathas na Fraince, ach de réir a chéile, ba léir go raibh Greagóir sa champa caomhach.

Ó thaobh polaitíocht saolta de, cuireadh tús leis an bhfeachtas aontaithe Iodálach. Tháinig na Poblachtaigh radacacha i gcoinne polasaithe an Phápa agus bhí foréigean ann. Bhí an Pápa láidir ina choinne, ach cáileadh riaradh na Stáit Pápúil dá réir, cé go raibh an-chuid gníomhaíochta ar siúl san Róimh ag an am.