Earra traidisiúnta ealaíne Bhundúchasaigh na hAstráile. Fíoracha daoine is ainmhithe, uaireanta stílithe go geoiméadrúil is uaireanta nádúraíoch, péinteáilte ar phíosaí coirte le cruthanna neamhrialta. Cruthaíodh iad i gcomhair searmanas draíochta nó reiligiúnda nó fáiltithe den chuid is mó, ach ar chúiseanna aestéitiúla freisin uaireanta.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Péintéireacht choirte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 512.