Fíon milis, agus biotáille curtha leis, a tháirgtear i ngleann abhainn Duoro ón 17ú céad. Fástar na fíonchaora ar chliatháin ghéara lochtánacha na gcnoc ansin. D'iompraítí an fíon síos an abhainn mhear go hOporto, agus is uaidh sin a fuarthas a ainm. Anois iompraítear an fíon ar an mbóthar. Tugtar pórt den scoth ar an bhfíon gan biotáille curtha leis. Cuirtear aois le gach pórt trí é a stóráil i mbairillí adhmaid a dtugtar feadáin orthu.[1]

Bosca Sonraí DeochPórt
EapainmPorto
CineálPortuguese wine (en) Aistrigh agus fortified wine (en) Aistrigh
Tionscnaimhan Phortaingéil
Ainmníochtdenominação de origem controlada (en) Aistrigh

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pórt". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 534.

Naisc sheachtracha cuir in eagar