Is é an pallaidiam dúil uimhir a 46, agus is í an tsiombail cheimiceach a sheasann dó ná Pd. Miotal atá ann agus é gann go maith sa dúlra. Ceann de na miotail phlatanamchosúla é, agus é lonrúil, cosúil leis an airgead geal. Ba é an ceimiceoir William Hyde Wollston ba thúisce a d'aithin gur dúil ar leith a bhí ann, agus d'ainmnigh sé é as an astaróideach úd 2 Pallas.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachPallaidiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Pallaidiam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachPd
Uimhir adamhach46
Mais adamhach106.42
Peiriad, Grúpapeiread 5
grúpa 10
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Ga ianach0.64, 0.86, 0.76 agus 0.62
Stair
AimsitheoirWilliam Hyde Wollaston
Fionnachtain1803
EapainmPallas

Tá sé iseatóp cobhsaí nádúrtha ag an bpallaidiam: Pd-102 (1.02% de phallaidiam an dúlra), Pd-104 (11.14%), Pd-105 (22.33%), Pd-106 (27.33%), Pd-108 (26.46%) agus Pd-110 (11.72%).

Baintear úsáid as an bpallaidiam le himoibrithe ceimiceacha a chatalú, nó is féidir leis an miotal seo cuid mhór hidrigine a shú isteach. Thairis sin, is féidir hidrigin a ghlanadh ar an dóigh seo, ós rud é nach féidir na gáis eile a stóráil sa phallaidiam mar sin. Dúil úsáideach é an pallaidiam sa tseodóireacht, sa leictreonaic, san fhiaclóireacht agus ina lán teicneolaíochtaí eile. Má mheasctar pallaidiam leis an ór, gheofar ór geal - ór nach bhfuil dath buí an óir ann.

Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is tábhachtaí a bhíonn ag an bpallaidiam ná +1, +2, agus +4. I gcuid de na comhdhúile, d'fhéadfá an chiall a bhaint as an bhfoirmle gurb é +3 an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an bpallaidiam iontu, ach is é an tuiscint atá ag na saineolaithe ar na comhdhúile seo inniu go bhfuil idir Pd(II) agus Pd(IV) iontu, agus go bhfuil sé de chlaonadh ag an bpallaidiam comhdhúile a dhéanamh a bhfuil an dá staid ocsaídiúcháin seo ar fáil iontu in éineacht.

Tagairtí cuir in eagar