Paracheirodon innesi

speiceas iasc

Is iasc beag fionnuisce é Paracheirodon innesi (nó an teitre neoin[1]) san fhine Characidae agus san Ord Characiformes. Is é an tíopa speicis den ghéineas é. Is í áit dhúchais an éisc ná na sruthanna ina mbíonn an t-uisce aigéadach agus b'fhéidir dubh-dhaite freisin, in oirdheisceart na Colóime, oirthear Pheiriú, iarthar na Brasaíle, lena n-áirítear craobh-aibhneacha na Solimões ina bhfuil an t-uisce idir 20-26C. Ní bhfuarthas é sna haibhneacha "bánuisce" de chuid na nAindéas.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoParacheirodon innesi Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeActinopteri
OrdCharaciformes
FineCharacidae
GéineasParacheirodon
SpeiceasParacheirodon innesi Cuir in eagar ar Wikidata
(Myers, 1936)
Ainmníocht
An chéad ainm Laidine a bhí airHyphessobrycon innesi Cuir in eagar ar Wikidata

Déanann dathúcháin geal an éisc é infheicthe d'éisc eile sa speiceas céanna i ndorchadas na sruthanna is na n-aibhneacha. Bíonn an-éileamh ar na héisc seo mar éisc thrópaicigh toisc an go bhfuil dathanna na n-iasc iontach tarraingteach.

Cur síos cuir in eagar

Tá droim gealghorm ar na héisc thar bolg bán-airgead. Is í saintréith na n-iasc ná stríoc ghorm dhathlonrach chothrománach feadh gach taobh an choirp ón srón go dtí bun na heite saille agus stríoc dhearg dhathlonrach a thosaíonn i lár an choirp agus a leathnaíonn ar gcúl chun bonn na heite eireaballaí. Forbraíonn an chuid is mó, más rud é nach iad go léir, niamh ghlasbhuí a clúdaíonn droim an éisc. Tá an t-iasc go hiomlán trédhearcach (lena n-áirítear na héite) ach amháin na marcálacha thuas luaite. Le linn na hoíche, tagann dath an airgid ar an ghorm agus agus an dhearg agus an t-iasc ag fáil sosa. Athghníomhaíonn na dathanna nuair a múscailíonn an t-iasc agus nuair a bhíonn sé gníomhach ar maidin. Fásann an t-iasc go thart ar 3 cm. Níl démhorfacht ghnéasach rómhór eatarthu, bíonn corp beagán níos mó ag na baineannaigh, agus stríoc dhíreach na bhfireannach.

Eacnamaíocht cuir in eagar

Allmhairíodh an Tetra Neon don chéad uair ó Mheiriceá Theas agus bhí cur síos déanta air ag an iasceolaí cáiliúil an Dr George S. Myers sa bhliain 1936, agus ainmníodh é i ndiaidh an Dr William T. Innes. Ceann de na héisc is mó a mbíonn éileamh air is ea P.innesi, agus póraítear iad i líon ollmhór i gcomhair an mhargaigh. Is ó Hong Cong, Singeapór, agus an Téalainn, a hiompórtáiltear mórchuid na n-iasc a dhíoltar sna Stáit Aontaithe. Úsáideann na tíortha Áiseachas linnte síolraithe éisc chun na n-iasc a phórú. Tagann níos lú na 5% de na héisc ó Mheiriceá Theas, an Cholóim, Peiriú agus an Bhrasaíl, áiteanna ina mbailítear iad san fhiántas. Le linn mhí amháin, ar an mheán de, iompórtáiltear 1.8 milliún tetra neon, le luach measta de $175,000 isteach sna Stáit Aontaithe i gcomhair an trádáil iascadáin. Cé is moite den dobharóir (Béarla:aquarists) agus roinnt feirmeacha tráchtála a phóraíonn Tetra Neon ar bhunús trialach amháin, níl ann do dhaorphórú ar scála tráchtála sna Stáit Aontaithe.


San iascadán cuir in eagar

Cé go bhfuil éisc Tetra, a mbíonn feirmphóraithe, oiriúnaithe go maith i gcomhair réimse leathan de choinníollacha uisce, san fhiántas cónaíonn siad in uiscí an-bhog aigéadach a bhíonn de ghnáth níos fuaire ná an 25 °C a mbíonn i bhfeidhm ag formhór na n-uisceadán trópaiceach. Is féidir saolré suas le 10 mbliana a bheith ag an Tetra Neon, de ghnáth thart ar 5 bliana san uisceadán.

Meastar go bhfuil sé éasca na Tetra Neon a choimeád in uisceadán pobail a bhfuil ar a laghad 60 cm ar fad, le pH 6.0-7.8 agus KH de 1.0-2.0. Mar sin féin, gheobhaidh siad bás má éiríonn siad trámaithe ag athruithe móra ar a dtimpeallacht. Tá claonadh acu bheith scáfar agus, mar gheall ar a mhéid beag, ní ba chóir iad a choinneáil le éisc mhóra nó ionsaitheach, éisc a d'fhéadfadh iad a bhulaíocht nó go simplí iad a alpadh siar. Meascann cineálacha eile Tetra, mar shampla Hemigrammus rhodostomusrummy, Paracheirodon axelrodi, agus Hemigrammus erythrozonus, go maith lena chéile san uisceadán pobail agus éisc phobail eile a chónaíonn go maith in uisce a bhíonn oiriúnach don Tetra. Beathóirí mheánleibhéil is ea iad, agus is fearr iad a bheith coinnithe i scoileanna, sé nó níos mó, chun ráthaithe na n-iasc a chur in éifeacht nuair a snámhann siad thart san iascadán. Snámhann siad go nádúrtha i scoileanna san fhiántas agus dá bhrí sin bíonn siad níos sona, níos gealdaite, agus níos gníomhaí nuair a choimeádtar mar scoil seachas ina n-aonar iad agus mothaíonn siad níos sábháilte. Féadfaidh a dhath agus a stríoca dathlonracha a bheith maolaithe i rith na hoiche, agus a bheith beagnach dofheicthe den chuid is mó tar éis tréimhse an dhorchadais. Féadfaidh a dhath a mhaolú le linn tréimhse struis, mar shampla idirghabháil an duine san umar. Is fearr iad a bheith coinnithe in umar dlúthphlandáilithe le solas neamhgheal agus teocht oiriúnach de 25.0 C chun a bheith cosúil le timpeallacht na hAmasóine.

Cothú cuir in eagar

Is uiliteoirí na Tetra agus glacann siad an chuid is mó de na bianna calógacha ,ach ba cheart go mbeadh roinnt bianna beaga mar séacla sáile, daifnia, péisteoga dhearg reothriomaithe, agus tubifex acu, gur féidir a bheith fágtha ar thaobh an iascadáin, agus bia micrimhillín chun a aiste bia a fhorlíonadh.

Pórú cuir in eagar

Tá an Tetra Neon fireann caol, agus a líne ghorm níos dírí. Tá an baineann níos cruinne, ag táirgeadh líne cham ghorm. Deir roinnt daoine go bhfuil cuma ar na mbaineann nuair a fheictear anuas orthu, go bhfuil siad níos ramhra, ach tá seo díospóidte. Mar sin féin, d'fhéadfadh 'díríocht' an líne agus 'méithe' na mban bheith ann de bharr go bhfuil an t-iasc ag iompar uibheacha..


Galar cuir in eagar

Speicis ghaolmhara agus tetra neon eile cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  1. “Paracheirodon innesi” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.