Is éard atá i gceist le parkour (Fraincis: l'art du déplacement; Gaeilge: Ealaín an díláithriúcháin) ná gníomhaíocht nó spórt a tosaíodh sa Fhrainc. An bhunaidhm atá ann ná bogadh ó phointe A go pointe B chomh héifeachtach agus chomh tapaidh agus is féidir, ag úsáid inniúlacht an choirp go háirithe. Tugann sé cabhair duit, dul thar bacainní sa timpeallacht — ó ghéaga go clocha go ráillí — agus cleachtaítear é faoin tuath agus sna cathracha. Díríonn parkour ar ghluaiseacht éifeachtach le do chorp agus d'aigne a fhorbairt, agus chomh maith leis sin mar chaitheamh aimsire. Traceur a thugtar ar dhuine a chleachtann parkour.

Infotaula d'esportParkour
CineálAsian martial arts (en) Aistrigh, lúthchleasaíocht, gleacaíocht agus obstacle racing (en) Aistrigh
Cruthú1990í
Tír dhúchaisan Fhrainc
Parkour sa Bhrasaíl

Is gníomhaíocht fhisiciúil é parkour, nach furasta a rangú. Ní spórt guaisbheartaíochta é, ach is ealaín é atá cosúil le féinchosaint na healaíne oscartha.

Gné an-tábhachtach den parkour is ea an éifeachtacht. Ní bhogann an traceur díreach chomh tapaidh agus is féidir ach sa tslí is éasca nó is fuinneamh-íditheach, agus chomh díreach agus is féidir.

Deirtear freisin go bhfuil tionchar ag an parkour ar an tslí ina smaoiníonn traceurs — cabhraíonn sé leo féachaint ar bhacainn fhisiciúil agus smaoineamh ar shlí dhifriúil.

Stair cuir in eagar

Roimh an Chéad Chogadh Domhanda, thaistil Georges Hébert, iaroifigeach de chuid chabhlach na Fraince, timpeall an domhain, agus i rith a chuairt san Afraic chonaic sé go raibh muintir na dtreibheanna dúchasacha forbartha go fisiciúil le scileanna a bhíonn ag teastáil chun maireachtáil san áit.

Bhí Hébert suite i Saint-Pierre, Martinique, nuair a phléasc an bolcán ar an 8 Bealtaine 1902. Chabhraigh Hébert le héalú agus le tarrtháil na céadta duine ón tubaiste. Chuaigh an eachtra seo go mór i gcion air, agus threisigh sé a tuairim gur cheart scileanna lúthchleasacha a mheascadh le crógacht agus le haltrúchas.

Thosaigh sé ar chorpoideachas a mhúineadh leis an gcoincheap sin agus i rith an dá chogaidh domhanda, leathnaigh sé, agus d'úsáid arm na bhFrancach a chuid tuairimí. Bhí Hébert, mar sin, duine de bhunaitheoirí "le parcour" (bac-chúrsa), a úsáidtear le haghaidh traenála míleata.

 

Thóg saighdiúirí Francacha inspioráid ó obair Hébert agus chruthaigh siad "parcours du combattant". Thaispeáin Raymond Belle, athair le David Belle a bhí ina shaighdiúir san arm, an cleachtadh seo do David Belle. Bhí taithí ag David Belle ar na healaíona oscartha agus gleacaíocht, agus bhí sé ag iarraidh na scileanna a úsáid ar shlí phraiticiúil sa saol. Rinne sé cleachtadh lena chuid cairde agus i ndiaidh ar ndiaidh bhí siad ag léimt ó dhíon tithe (cé nach rud gnách é seo fiú do traceuranna).

Mar gheall ar an mborradh a bhí faoi parkour ó rud beag i bPáras go gníomhaíocht ollmhór ar fud an domhain, bhí scoilteanna ann, ar ndóigh, ach fós is rud cáiliúil é atá ag fás sa lá atá inniu ann.

Féach Freisin cuir in eagar

Naisc cuir in eagar