Patrick Kavanagh

file Éireannach

File Éireannach as Contae Mhuineacháin ab ea Patrick Kavanagh (Pádraig Caomhánach), (21 Deireadh Fómhair 1904 - 30 Samhain 1967). Scríobh Kavanagh as Béarla, agus tá sé i measc na filí is fearr le muintir na hÉireann, de réir an nuachtáin The Irish Times sa bhliain 2000.

Infotaula de personaPatrick Kavanagh

(1963) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Deireadh Fómhair 1904
Inis Caoin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Samhain 1967
63 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheContae Mhuineacháin
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht
TeangachaBéarla
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
SiblínPeter Kavanagh

Musicbrainz: 55a37435-cdfa-4a08-bd0d-d9de1017f93f Find a Grave: 14742164 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba mhór an inspioráid é saothar Kavanagh. Sampla amháin ná go raibh a dhán cáiliúil On Raglan Road seinnta ag roinnt ceoltóirí, mar shampla Van Morrison, Sinéad O'Connor, Mark Knopfler agus Luke Kelly.

Saol cuir in eagar

Rugadh Kavanagh sa tsráidbhaile beag Inis Caoin, i gContae Mhuineacháin i 1904. Ba ghréasaí é a athair, agus chuaigh Patrick isteach sa phost céanna tar éis a chuid scoile. Ní raibh mórán suime ag an leaid óg ina chuid oideachais, agus b'fhearr leis a bheith ag imirt peil Ghaelach (d'imir Kavanagh mar chúl báire le foireann pheile Inis Chaoin). Ar feadh scór bliana, d'oibrigh sé mar fheirmeoir ar thalamh a chlainn - ag dul go dtí an margadh, an t-Aifreann agus an rince áitiúil ar a rothair gach seachtain.

 
Dealbh Patrick Kavanagh i mBaile Átha Cliath.

Thosaigh Kavanagh ag scríobh a dhánta féin nuair a bhí sé fós ina dhéagóir. Tar éis tamaill, thosaigh sé ag seoladh a shaothar go dtí na nuachtáin áitiúla agus náisiúnta. Sa bhliain 1928, shiúl sé ó Inis Caoin go Baile Átha Cliath, agus bhuail sé le urlabhraithe ó na foilsitheoirí Macmillan’s of London. D'fhoilsigh siad a chéad leabhair, Ploughman and Other Poems sa bhliain 1936.

 
Dealbhóir John Coll

Tar éis tamaill, ní raibh an file óg sásta leis a shaol ar an bhfeirm, agus chuaigh sé go Londain ar feadh cúig mhí. Faoi dheireadh, chuir Kavanagh faoi i mBaile Átha Cliath. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir, ach lean sé ar aghaidh ag scríobh filíochta ag an am céanna.

Sa bhliain 1954, fuarthas amach go raibh ailse ag Kavanagh, agus b'éigean dó dul isteach san ospidéal chun a scamhóg a bhaint amach. Tháinig biseach air tar éis na hobráide, agus tháinig a inspioráid ar ais chuige. Bhí sé ábalta arís sult a bhaint as na gnáth-rudaí sa saol, agus an áilleacht atá le fáil ar fud na háite sa dúlra.

Scríobh sé dánta cáiliúla faoin gCanál Mór ag an am seo. Ansin, thosaigh Kavanagh ag fáil an meas agus an cháil a bhí tuillte aige maidir lena chuid oibre. Thug sé léachtaí i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus i SAM. Ba bhreitheamh é sna Duaiseanna Filíochta Guinness, duais a bhuaigh Seamus Heaney sa bhliain 1967.

D'éirigh Kavanagh tinn ag an chéad taispeántas dá dráma Tarry Flynn i nDún Dealgan (alcólach ab ea é). Fuair sé bás an tseachtain ina dhiaidh i mBaile Átha Cliath.

Bás cuir in eagar

Trom ar an ól agus an tobac, baineadh scamhóg de 1954 tháinig niúmóine air & d'éag 30 Samhain 1967, 63 !

tháinig niúmóine air & fuair sé bás ar 30 Samhain 1967, 63 bliain d’aois

Tá uaigh Patrick Kavanagh i reilig Inis Caoin.

Saothair cuir in eagar

Filíocht cuir in eagar

  • 1936 - Ploughman and Other Poems
  • 1947 - A Soul For Sale
  • 1958 - Recent Poems
  • 1960 - Come Dance with Kitty Stobling and Other Poems
  • 1964 - Collected Poems
  • 1971 - The Great Hunger
  • 1972 - The Complete Poems of Patrick Kavanagh
  • 1978 - Lough Derg

Ficsean cuir in eagar

  • 1944 - Three Glimpses of Life
  • 1946 - The Cobbler and the Football Team
  • 1946 - Stars in Muddy Puddles
  • 1946 - One Summer Evening in the Month of June
  • 1947 - Four Picturizations
  • 1947 - Feasts and Feasts
  • 1947 - The Good Child
  • 1948 - Tarry Flynn
  • 1977 - By Night Unstarred

Beathaisnéis cuir in eagar

  • 1937 - Childhood of an Irishman
  • 1938 - The Green Fool
  • 1964 - Self Portrait