Paul Henry (ealaíontóir)

ealaíontóir Éireannach

Péintéir ba ea Paul Henry (11 Aibreán 187624 Lúnasa 1958).[1]

Infotaula de personaPaul Henry

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1876
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Lúnasa 1958
81/82 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadémie Julian
Foras Ollscolach Bhéal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, ealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileGrace Henry
Mabel Young Cuir in eagar ar Wikidata

I mBéal Feirste a rugadh Henry in 1876 ach chaith sé go leor ama in iarthar na hÉireann. Chaith sé naoi mbliana ina chónaí in Acaill is ann a phéinteáil sé The Potato Diggers, a díoladh ar €400,000 in 2013.

Bhí sé i mbarr a réime i lár na 1930idí.[2]

University Road, Béal Feirste

Saothar cuir in eagar

Sa bhliain 2021, bhí os cionn £600,000 (thart ar €730,000) caite ar saothar de chuid Henry, radharc tíre dar teideal Mountains and Lake, Connemara, ag ceant i Londain. Ba é seo an méid is mó a íocadh riamh ar phictiúr de chuid Henry.[2] Bhí an pictiúr seo ar taispeáint i Músaem Uladh agus i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ar feadh tamaill.

Sa bhliain 2020, íocadh breis is €400,000 inné ar radharc tíre dar teideal, A Sunny Day, Connemara. Cé go dtugann teideal an phictiúir, a déanadh thart ar an mbliain 1940, le fios gur radharc d’áit éigin i gConamara atá le feiceáil ann, ceaptar gur radharc d’Acaill atá i gceist.[3] Íocadh €105,000 ar shaothar eile le Paul Henry, Celtic Cross in a West of Ireland Landscape.[4]

In 2017, díoladh an pictiúr a rinne an t-ealaíontóir Feirsteach de loch i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar €65,000.[5][6]

Phéinteáil Henry The Potato Diggers in Acaill, a díoladh ar €400,000 in 2013.

Modh oibre cuir in eagar

Déanadh Paul Henry athchruthú uaireanta ar thírdhreach agus é ag péinteáil pictiúir. Ní gá go gcloífeadh sé i gcónaí le gnéithe iomlána an radhairc a bhí os a chomhair. Ní bhíodh leisce ar Henry sliabh a thógáil as radharc nó tithe a chur in áit nach raibh  teach ar bith, de réir mar a d’fheil sé don phictiúr.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar