Einsím díleáite atá i láthair i súlach gastrach na veirteabrach, a dhíleánn an phróitéin sa chothú ina polaipeiptídí d'fhaid éagsúla. Táltar isteach i gcuas an ghoile í i bhfoirm na pró-einsíme neamhghníomhaí, peipsinigin, agus gníomhachtaítear í seo ina peipsin ag an aigéad hidreaclórach (HCl) sa súlach gastrach. Bíonn sí gníomhach i dtimpeallacht aigéadach seo an ghoile. Fuarthas 7 bpeipsin ghaolmhar sa duine.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Peipsin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 512.