Peiptídí codlaidíneacha

Raon ceimiceán, ar peiptídí iad, a chuimsíonn einceifilíní, ionoirfíní is dionoirfíní, a fhaightear san inchinn, corda an dromlaigh, an fhaireog phiotútach, conair an díleá, agus an meideall aidréineach. Tugtar codlaidínigh inghiniúla orthu freisin. San inchinn is corda an dromlaigh feidhmíonn siad de réir dealraimh mar néaratharchuradóirí nó néaramhodhnóirí ag plé le haireachtáil péine. Luaitear na hiarmhairtí seo ar lárchóras na néaróg: anailgéise láidir, meidhréis is lagú riospráide. De réir cosúlachta imríonn siad ar sho-ghluaisteacht an inne is tál hormón ag an bhfaireog phiotútach freisin.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Peiptídí codlaidíneacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 512.