Is éard atá i gceist le Petticoat Loose ná sprid nó taibhse mná agus í ina hábhar scéalta i mbéaloideas na Mumhan. Mar a chreidtear, bíonn Petticoat Loose ag ionsaí taistealaithe istoíche, á n-imeaglú agus á gcrá. Is é Béal Locha, Contae Phort Láirge, is áit dúchais do Phetticoat (ach deirtear freisin gurb as Coilleagán sa chontae chéanna di), ach deir an béaloideas go mbíonn sí le feiceáil fud fad na Mumhan.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarPetticoat Loose
Cineáltaibhse Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

De réir an bhéaloidis is é an t-ainm agus an sloinne a bhí ar Phetticoat ná Cáit (nó Máire) Ní Annagáin,[1] agus bhí sí pósta ar fhear dar shloinne Ó Scanláin. Luaitear cúiseanna éagsúla leis gur fágadh ina taibhse i ndiaidh a báis í:

  • Bhí sí fiain feargach, agus bhuaileadh sí a máthair féin.
  • Mharaigh sí leanbh gan bhaiste.
  • Fuair sí bás nuair a bhí sí ag ól i dteach tábhairne le linn an Aifrinn.
  • Bhí leannán aici, agus d'ordaigh sí don leannán a fear céile, an Scanlánach, a mharú, rud a rinne sé.[2]
  • Nuair a fuair sí bás, ní raibh sagart ar bith sásta teacht chun na sochraide.[1]

Deirtear go raibh sí thar barr ag damhsa agus an-tugtha don ól. Fuair sí an t-ainm sin "Petticoat Loose" oíche aeraíochta, nuair a ghreamaigh a sciorta de thairne sa bhalla. Thosaigh sí ag damhsa go fiain, agus ansin réabadh an sciorta di, ionas nár fágadh ach an peireacóta uirthi.

Sa Litríocht cuir in eagar

Scríobh an drámadóir Éireannach M. J. Molloy dráma faoin teideal Petticoat Loose sa bhliain 1979.

Is Petticoat Loose is teideal do ghearrscéal sa chnuasach gearrscéalta 'Na Seacht gCineál Meisce agus Finscéalta eile' le Pádraig Ó Siadhail.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-10-25. Dáta rochtana: 2011-08-23.
  2. http://www.clogheen.net/petticoat-loose/