Ord artrapód le cosa an-fhada is dhá phéire sciathán is ea Pilib an fhómhair. Opiliones ainm eolaíoch an oird. Tá 6,500 speiceas de aitheanta i ngach cearn den domhan seacha an Antartaice. Ceaptar go bhfuil 10,000 speiceas de ar a laghad ann. Tugtar cruimh snáthaide móire ar an larbha. Maireann sé ar an talamh den chuid is mó. De réir cineáil, itheann sé fréamhacha, súnn sreabháin as torthaí nó glasraí, nó bíonn foghlach ar fheithidí beaga, moilisc nó péisteanna. Is cartóirí cuid bheag acu. An cholainn chaol dhlúth iompartha ar 4 phéire cos fada. Na cosa sobhriste, a chaitear uaidh má sháinnítear é. Feadán fada feiceálach ubh-bheirthe ar an mbaineannach. Tugtar pilibín eitre, pilib an gheataire, galán nó cuid mhaith ainmneacha eile air freisin.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPilib an fhómhair
Opiliones Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamArthropoda
AicmeArachnida
OrdOpiliones Cuir in eagar ar Wikidata
Sundevall, 1833
Hadrobunus grandis, speiceas den ord Opiliones

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pilib an fhómhair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 518.