Suim airgid rialta a íoctar le duine, tar éis éirí as obair dó (go hiondúil), is ea pinsean.[1]

1889ː chuir an Ghearmáin tús leis an gcéad phinsean stáit (die Rente) agus ob, tar éis dul ar scor ón obair (Arbeit)
Chuir Seansailéir na Gearmáine Otto Von Bismarck tús leis an gcéad phinsean stáit

Stair cuir in eagar

In Éirinn fadó, i nDlíthe na mBreithiúna ársa, bhí sé mar dhualgas ar an teaghlach cabhair a thabhairt le daoine a bhí sean, caoch, bodhar, tinn nó ar mire.[2]

Sa 19ú haois san Eoraip, nuair a chuir Seansailéir na Gearmáine Otto Von Bismarck tús leis an gcéad phinsean stáit sa mbliain 1889, ceapadh go mba mhaith an rud é go mbeadh cúnamh stáit ann don chréatúr a bhí tar éis dul ar scor ón obair (ag aois 70) agus go mb’fhéidir go raibh roinnt  míonna nó roinnt blianta fágtha aige ar an saol seo. Le linn ré Bismarck, ba bheag duine a shroich aois an phinsin (ba é an gnáthfhad saoil a bhí ag Gearmánach ag an am ná 45 bliain).[3]

Sa lá inniu tá daoine ag tarraingt an phinsin ar feadh scór bliain go minic.Faoi láthair, is é 81 bliain meánfhad saoil duine sa nGearmáin. Agus éiríonn an Gearmánach sin as an obair ag aois a 62, ar meán.[3]

Cineáil Pinsean cuir in eagar

Pinsean stáit cuir in eagar

In Éireann tosaíonn an pinsean stáit ag aois 66.[4]

Scéim pinsin ceirde cuir in eagar

Is féidir le fostóir, nó an fostaithe, nó an bheirt acu, airgead a chur isteach i scéim pinsin ceirde.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: pinsean" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-03-20.
  2. THE IRISH CORPORATE GOVERNANCE SYSTEM AND THE ROLE OF IRISH OCCUPATIONAL PENSION FUNDS AS INSTITUTIONAL MONITORS - Lynn (UCD PhD Thesis, 2005)
  3. 3.0 3.1 Mairéad Ní Nuadháin (10 Nollaig 2021). "An é an duine atá 60 atá meánaosta anois agus céard faoi aois an phinsin?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-20.
  4. "Department of Social Protection" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2023-03-20.