Is séadchomharthaí tuamúla, ar bhun ceamach, iad Pirimidí na hÉigipte. Tá 118 / 138 pirimid fós ina seasamh san Éigipt inniu. Tá clú agus cáil orthu ar fud an domhain.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Pirimidí na hÉigipte
Íomhá
Sonraí
CineálDíol spéise do thurasóirí
Pirimid
Map
 29°58′21″N 31°07′42″E / 29.9725°N 31.1283°E / 29.9725; 31.1283

Is iad na pirimidí is cáiliúla pirimidí an 4ú ríora ar ardchlár Giza, gar do Chaireo na hÉigipte. Tá Pirimid Mhór Chéaps (c 2589-66 RC) 146 rn ar airde, ar bhun ceamach le taobhanna 230 m, tógtha le 2.5 milliún bloc aolchloiche, gach ceann 2.5 tonna meáchain.

Stair cuir in eagar

Ritheann abhainn na Níle tríd an Éigipt agus chabhraigh sí go mór le forbairt na tíre. Ba ríthe an-chumhachtacha iad na Farónna, i gceannas san Éigipt 3000 bliain ó shin, agus rialaigh siad an Éigipt ársa. Thóg na hÉigiptigh na pirimidí do na Farónna nuair a fuair siad bás. Chuir siad na Farónna sna pirimidí mar mhumaithe (mumaí an t-ainm atá ar an gcorp caomhnaithe / seargtha). Cheap na hÉigiptigh go raibh na pirimidí cosúil le céim ar aistear an Fharó go dtí an chéad domhan eile.

 
Grianghraf ó Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta

Le 100 bliain anuas, bhí na mumaithe sin i músaem i gCaireo, san Éigipt.

Sa bhliain 2021, bhí paráid as an ngnáth ann chun na mumaithe a bhogadh go músaem nua, an 'National Museum of Egyptian Civilisation'.[1] Thaistil ocht rí dhéag agus ceathrar banríonacha 5km ó mhúsaem amháin go músaem eile.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tá níos mó eolais faoi mhumaithe ar fáil san eagrán d’Eureka.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "National Museum of Egyptian Civilization" (as en) (2021-04-30). Wikipedia. 
  2. "Mummies of 22 Egyptian pharaohs moved to a new museum in Cairo in a spectacular 'Golden Parade'-World News, Firstpost". Firstpost (2021-04-05). Dáta rochtana: 2021-05-01.
  3. Eureka (cogg.ie) (24 Bealtaine 2007). "Imleabhar 3, Eagrán 25". Dáta rochtana: 2021.