An Phirimid Dhearg

(Athsheolta ó Pirimid dhearg)

Is pirimid i Dahshur, Éigipt í an Phirimid Dhearg nó an Phirimid Thuaidh. Tugann na daoine áitiúla "Pirimid na nIaltóg" uirthi freisin. Is í an phirimid is mó den trí cinn atá i Dahsur agus is í an tríú pirimid is mó san Éigipt ar fad, i ndiaidh an dá cheann móra i nGiza. Tá sí ainmnithe as an lí scothdhearg atá ar na clocha as a bhfuil sí tógtha. Tógadh an phirimid, áfach, le clúdach d'aolchloch bhán Tura. Níl ach a rian den aolchloch fágtha ag coirnéal amháin den phirimid inniu mar baineadh an aolchloch sa Mheánaois le foirgnimh a thógáil i gCaireo. An Faró Sneifearú, sa tSeanríocht, a rinne an Phirimid Dhearg a thógáil timpeall na bliana 2590 R.Ch.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
An Phirimid Dhearg
Íomhá
Sonraí
CineálSmooth-sided pyramid (en) Aistrigh, suíomh seandálaíochta agus Pirimidí na hÉigipte
Cuid deMemphite necropolis (en) Aistrigh
Foirgníocht2590 "RCh" Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Déanta asaolchloch
Tomhas104 (airde) × 220 (leithead) m
original height: 109.5 (airde) m
Achar dromchla48,400 m²
Toirt mar chainníocht1,694,000 m³
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGobharnóireacht Giza, An Éigipt
SuíomhDahshur (en) Aistrigh
Map
 29°48′30″N 31°12′21″E / 29.808333333333°N 31.205833333333°E / 29.808333333333; 31.205833333333
An Phirimid Dhearg

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar