Is glasra í an phis. Tagann sí ó phlanda bliantúil dreaptha a fhásann 2 m ar airde, dúchasach do dheisceart na hEorpa is tuaisceart na hAfraice. Na duilleoga le 1-3 duilleoigín ubhchruthach le teannóg ghéagach fhoirceannta. Na bláthanna suas le 3.5 cm ar fhad, bán, bándearg nó scothchorcra i gcrobhaingí beaga le 1-3 bhláth an ceann. Na cochaill suas le 12 cm ar fhad, leathfhada, suas le 10 síol iontu. Saothraithe ón aimsir réamhstairiúil ar son na síolta inite (na piseanna) a itear mar ghlasra úr, triomaithe, oighrithe, nó stánaithe. An-chuid cineálacha saothraithe, ina measc an phis bheag (petit pois) is an mange-tout ina n-itear an capsúl iomlán.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoPis
Pisum sativum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo depea (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdFabales
FineFabaceae
TreibhFabeae
GéineasPisum
SpeiceasPisum sativum Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Pisum sativum

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Pis". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 520.