Plé:Fosúchán nítrigine

Latest comment: 16 bliain ó shin by Nmacu

Feicim ar focal.ie go bhfuil an téarma seo dímholta agus go bhfuil fosú nítrigine molta ina áit. Le meas, Nmacu 15:00, 21 Aibreán 2008 (UTC)Reply

Feicim sin! Níl míniú nó tagairt faoi seo áfach. Tá 'fosúchán amóiniam' agus 'fosúchán carbón' ag focal.ie, ach níl siad dímholta freisin. De réir Acmhainn.ie/termai/bith.htm (Foclóir Bitheolaíochta) tá 'nitrogen fixation fosúchán m1 nítrigine'. Tá an 'Foclóir Talmhaíochta agus Déiríochta/Dictionary of Agriculture and Dairying 1987' ag tabhairt le fios ...'fosúchán fir1 carbóin' carbon fixation.Sa 'Foclóir Glas/Environmental Terms' tá ...'fosúchán fir1 nítrigine' nitrogen fixation. Bhí an téarma 'fosúchán nítrigine' i Scrúdú na hArdteiste 2001 (EOLAÍOCHT TALMHAÍOCHTA).Tá 'fosúchán nítrigine' sa leabhair Bitheolaíocht Shinsearach ( An Gúm)

Éóg1916 22:28, 21 Aibreán 2008 (UTC)Reply

Is cinnte gur fearr cloí leis mar sin. Is minic go mbíonn sé ag tarlú go n-athraítear téarma in áit amháin ach go gcloítear le leagan eile in áit eile. Is comhartha maith don teanga é go bhfuil ár leithéid ag tabhairt na n-eisceachtaí seo faoi deara agus muid ag iarraidh na téarmaí seo a úsáid. Bail ó Dhia ar an obair. Nmacu 08:54, 22 Aibreán 2008 (UTC)Reply

Return to "Fosúchán nítrigine" page.