Plé:Liosta tíortha

Latest comment: 17 bliain ó shin by Panu Petteri Höglund

Haigh. An bhfuil fhios ag éinne cén fáth go bhfuil An Aigéine ar an leathanach seo "Liosta tíortha"? Níl tír é, ach réigiún tíreolaíochta. Cad a ceapann sibhse? An Tóin Mór 18:12, 8 Bealtaine 2006 (UTC)Reply


Béarlachas atá i Seorsia; is féidir é a úsáid le haghaidh "South Georgia and the Sandwich Islands" nó "Georgia" sna Stáit Aontaithe toisc gur Rí Seoirse atá i gceist. Maidir le Sakartvelo (an tír atá i gceist anseo), áfach, tagann an focal ó Pheirsis Gurjistan trí Rúisis Gruzia -- is ón Rúisis a tugtar an focal isteach sa Ghéarmáinis agus Fraincis mar Georgien agus Géorgie. Ba cheart, mar sin, An Ghrúis a úsáid i nGaeilge le haghaidh an tír seo. Evertype 09:16, 24 Mei 2005 (UTC)

Fadhb ar bith - foghlaimím rud éigin úr gach uile lá! An féidir linn "Seorsia" a fhágáil ar lár, mar sin?
Dar liom is é "An tSeoirsia" an leagan ceart. Ní thuigim cén fáth a n-úsáidfí "An Ghrúis", ós rud é nach bhfuil a leithéid in úsáid ach sna teangacha Slavacha. An bhfuil aon réamhshampla ann? Thairis sin, is é "An tSeoirsia" - nota bene "An tSeoirsia" seachas "Seorsia" - an téarma oifigiúil go bhfios dom, agus mura bhfuil ceart na seanúsáide ag an nGrúis, ní thuigim cén fáth a gcaithfimis an téarma oifigiúil a chaitheamh i dtraipisí. Panu Petteri Höglund 19:56, 8 Bealtaine 2006 (UTC)Reply
Ba mhaith liom mo thuairim a shoiléiriú beagáinín: Dar liom, ba chóir an téarma oifigiúil a roghnú thar aon téarma eile, mura bhfuil téarma eile ann a bhfuil ceart na húsáide seanbhunaithe aige. An bhfuil seanúsáid den chineál sin ag baint le "An Ghrúis"? Panu Petteri Höglund 20:33, 8 Bealtaine 2006 (UTC)Reply
Return to "Liosta tíortha" page.