Plean críochdheighilte de chuid na Náisiún Aontaithe don Phalaistín


Ar an 29 Samhain 1947, ghlac Comhthionóil Ghinearálta na Náisiún Aontaithe le Rún 181(II)[1] maidir le críochdheighilt na Palaistíne faoi shainordú.[2][3]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtPlean críochdheighilte de chuid na Náisiún Aontaithe don Phalaistín
Íomhá
CineálUnited Nations General Assembly resolution (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FógairtComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Vótáil agUnited Nations General Assembly session (en) Aistrigh (Session (en) Aistrigh:138)
 33Number of support votes (en), 13 Number of negative votes (en), 10Number of abstentions (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe29 Samhain 1947 Cuir in eagar ar Wikidata

Obair iomlán ar fáil ag URLundocs.org… Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra cuir in eagar

'Cosantóireacht' ab ea an Phalaistín, faoi smacht na Breataine ón 1920 ar aghaidh. Ach ar 2 Samhain 1917 fógraíodh an "Balfour Declaration": Tugadh ''Sainordú na Breataine sa Phalaistín'[4] ar an tír san am sin.

Bhí claonadh ann i bhfabhar na nGiúdach. D'fhógair Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Arthur Balfour, go mbunófaí stát Giúdach sa Phalaistín fiú.

Sna blianta 1945-1947, tháinig méadú ar inimirce na nGiúdach go dtí an Phalaistín, agus bhí go leor conspóide faoin inimirce sin. Bhí feachtas sceimhlitheoireachta, nó treallchogaíocht, ar siúl sna 1940idí. Bhí na Giúdaigh ag iarraidh críochdheighilt a chur i bhfeidhm agus stát Giúdach a bhunú.

I dtús 1947, d'fhógair Ernest Bevin (Aire Gnóthaí Eachtracha na Breataine) go mbeadh an Ríocht Aontaithe tarraing amach na trúpaí Briotanacha sa Phalaistín.[5] I mí Feabhra 1947, sheol Bevin an fhadhb (críochdheighilt na Palaistíne) chun na Náisiúin Aontaithe.

úinéireacht talún, 1945

Náisiún Aontaithe cuir in eagar

Ar an 29 Samhain 1947, ghlac na Náisiún Aontaithe le Rún 181(II) maidir le críochdheighilt na Palaistíne. Ach níor cuireadh an plean i bhfeidhm riamhː níor ghlac na hArabaigh sa Phalaistín agus sa Mheán-Oirthear le réiteach na Náisiún Aontaithe.

Faoin gcéad phlean críochdheighilte, Rún 181, tugadh 62% den Phalaistín d’Iosrael in ainneoin go raibh a dhá oiread Arabach sa tír is a bhí Giúdaigh. Ní nach ionadh ghlac na Síónaigh go fonnmhar leis an socrú sin agus ní nach ionadh, dhiúltaigh na hArabaigh dó.[6]

Bhris cogadh cathartha amach go gairid ina dhiaidh.

Ar an 14 Bealtaine 1948, tháinig deireadh le húdarás na Breataine an Phalaistín a rialú agus tháinig Stát Iosrael ar an saol. Thosaigh an Cogadh Arab-Iosraelach (1948) an lá dár gcionn.[7][8]

Is i laghad agus i laghad atá an méid talún atá ar fáil do stát Palaistíneach ag dul ó shin i leith.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "United Nations General Assembly Resolution 181" . 
  2. "Mandatory Palestine" nó Údarás na Breataine an Phalaistín
  3. "Mandatory Palestine" (as en) (2020-11-30). Wikipedia. 
  4. "Mandate for Palestine" (as en) (2021-10-24). Wikipedia. 
  5. Ardtesitméireacht - Gnáthléibheal - Stair (2006). "Cúlú na hEorpa ó impireachtaí agus an toradh, 1945-1990". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2001-05-21. Dáta rochtana: 2020.
  6. 6.0 6.1 Fachtna Ó Drisceoil agus Mac Dara Ó Drisceoil (2 Samhain 2023). "Mhínigh mé bunfhíricí na coimhlinte idir an Phalaistín agus Iosrael do mo mhac atá 13. Seo an réiteach a mhol sé…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-02.
  7. "1947–1949 Palestine war" (as en) (2021-11-13). Wikipedia. 
  8. "1948 Arab–Israeli War" (as en) (2020-11-28). Wikipedia.