Móilíní móra a chruthaítear trí pholaiméiriú comhdhlúthaithe dé-alcól le haigéid dhécharbocsaileacha, cosúil le heitiléingliocól le haigéad teireatalach. Snáithíní saorga a chruthaítear mar seo is ea teiriléin de chuid ICI, agus Dacron de chuid DuPont. Teicstílí baile iad seo atá roc-obach agus éasca le ní is glanadh. Ábhair láidre fhrithscríobacha thámha (ó thaobh ceimice de) is ea na poileistir, agus baintear úsáid astu i gcomhar le plaistigh is snáithíní gloine chun plaistigh threisithe a tháirgeadh le haghaidh tógála.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Poileistir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 528.