Planda ilbhliantúil a fhásann go hairde 60 cm. Dúchasach d'iarthar na hEorpa, saghas aonraithe san iarthar de ghné Áiseach. Na duilleoga bánghlas, roinnte ina dteascáin liopacha; na bláthanna 5-7 cm ar leithead le dhá sheipeal is 4 pheiteal, gealdaite; capsúl éilipseach atá sa toradh. Tálann sé laitéis bhuí. D'fhás na poipíní dearga go fiáin i bpáirceanna Flóndrais le linn an chéad chogadh domhanda, agus úsáidtear é sa Bhreatain mar shiombail cuimhneacháin ar na saighdiúirí a thit sa chogadh sin.[1]

Poipíní

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Poipín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 528.