Polóiniam

dúil uimhir a 84 i dtábla peiriadach na ndúl ceimiceach,

Is é an polóiniam dúil uimhir a 84 i dtábla peiriadach na ndúl ceimiceach, agus is é an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceachaPo. Ba iad Marie agus Pierre Curie a d'aithin an chéad uair é, thiar sa bhliain 1898, agus d'ainmnigh siad as tír dhúchais Mharie Curie é - is é sin, an Pholainn. Dúil thearc é an polóiniam sa dúlra, agus é an-radaighníomhach. Is é 209Po an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil ann, agus é 103 bliana ar leathré, ach is é 210Po an t-iseatóp is réidhe atá ar fáil sa dúlra. Tá sé 138 lá ar leathré. Iseatóp tábhachtach eile é 208Po, agus é beagnach trí bliana ar leathré.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachPolóiniam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Polóiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachPo
Uimhir adamhach84
Peiriad, Grúpapeiread 6
calcaigin
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht2
Ga ianach0.97
Stair
AimsitheoirMarie Curie agus Pierre Curie
Fionnachtain1898
Eapainman Pholainn

Tá dhá allatróp ag an bpolóiniam, agus cuma an mhiotail ar an mbeirt acu. Níl na ceimiceoirí ar aon fhocal, cé acu miotalóideach nó miotal iar-thrasdultach é an polóiniam.

Mar is dual do dhúil chomh radaighníomhach sin, is nimheanna láidre iad na hiseatóip go léir. Bhí alltacht ar dhaoine ar an dóigh a bhfuair Aleksandr Litvinenko, iriseoir agus iarspiaire Rúiseach, bás le nimhiú polóiniam sa bhliain 2006. Dúirt an tOllamh Nick Priest, saineolaí ar thionchar na núiclídí radaighníomhacha ar an dúlra, gur dhócha gurbh é Litvinenko an chéad duine riamh a d'éag de dheasca alfa-radaíocht an pholóiniam. 210Po an t-iseatóp a bhí i gceist ansin.

Creidtear freisin gurbh é an polóiniam ba thrúig bháis d'Irène Joliot-Curie (1897-1956). Iníon de chuid Mharie agus Phierre Curie a bhí inti a chuaigh le fisic in aithris ar a tuismitheoirí cáiliúla. Sa bhliain 1946, fuair sí í féin faoi thionchar radaighníomhach an pholóiniam nuair a phléasc capsúl séalaithe sa tsaotharlann aici ionas gur truaillíodh an t-aer istigh leis an radanúiclíd. Deich mbliana ina dhiaidh sin buaileadh Irène breoite leis an leoicéime a mharaigh í.

Dealraíonn sé go gcarntar polóiniam an dúlra sna plandaí tobac, rud a chuireann le carcainigineacht an tobac.

Tá ceimic an pholóiniam cosúil le ceimic an bhiosmait agus an teallúiriam. Tuaslagtar go réidh é sna haigéid, ach níl sé chomh hintuaslagtha céanna sna tuaslagáin bhunata. Tá hidrid ag an bpolóiniam, PoH2, agus í ina leacht le teocht an tseomra. Is féidir polóiniam a ocsaídiú go halaiginídí agus go hocsaídí, agus is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin a bhíonn aige sna comhdhúile seo ná +2, +4, agus +6.

Úsáidtear polóiniam i bhfoinsí radaíochta agus i ngineadóirí teirmileictreachais den chineál atá ag brath ar fhuinneamh radaighníomhach le leictreachas a tháirgeadh. Chomh radaighníomhach is atá sé, is ar éigean is féidir mórán tairbhe eile a bhaint as.

Tagairtí cuir in eagar