Próiseas Castner-Kellner

Próiseas chun hiodrocsaíd sóidiam is clóirín a dhéanamh trí sháile a leictrealú in umar le baic a roinneann an t-umar ina ranna scoite. Luíonn an sáile os cionn umar mearcair a fheidhmíonn mar chatóid, agus is féidir a shreabhadh ó roinn go roinn. Fuasclaítear clóirín ag anóidí iarainn agus bailítear é. Déanann an sóidiam a fhuasclaítear ag an gcatóid mearcair malgam, a shreabhann isteach i roinn eile mar a n-imoibríonn le huisce chun hiodrocsaíd sóidiam a dhéanamh gan aon chlóiríd sóidiam a bheith ann.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Próiseas Castner-Kellner". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 121.