Teilgean na céarach caillte

Teicníocht an-ársa é teilgean na céarach caillte a úsáidtear chun figiúir nó struchtúir chasta mhiotalacha a theilgean. Déantar an cruth atá le teilgean as céir, agus imchlúdaítear é sin le hábhar teasdíonach, cosúil le gaineamh, taobh istigh de bhosca. Déantar cainéal isteach sa mhúnla seo don chruth céiriúil chomh maith le cainéil chaola eile chun gás a ligean amach as. Ansin téitear an múnla, rud a ghalaíonn an chéir chun cuas den chruth cuí a fhágáil sa mhúnla. Teilgtear an cóimhiotal leáite isteach sa mhúnla folamh seo go bhfeictear cuid de ag teacht amach trí na cainéil sceite. Tar éis an múnla uile a fhuarú, bristear amach an obair, gearrtar na píosaí breise ionchuir is sceite, agus críochnaítear an struchtúr.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Próiseas céarach caillte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 539.