Sa bhfisic, próisis a chuimsíonn seicheamh imeachtaí, gan aon bhaint ag toradh imeachta amháin le toradh aon chinn eile. Tugtar próiseas stóchastach air freisin. Ní féidir iad a réamhinsint i gceart. Mar shampla, gluaiseann adamh ar leith atá ag idirleathadh trí ghás ó imbhualadh le hadamh gáis amháin go himbhualadh eile, rud a chruthaíonn conair randamach. Nuair a bhíonn líon ollmhór cáithníní gníomhach i bpróisis randamacha, is féidir a n-iompar a láimhseáil le teicníochtaí staitistiúla.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Próisis randamacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 539.