Cumann bráithriúil do Phrotastúnaigh is ea Printísigh Dhoire (Béarla: Apprentice Boys of Derry). Bunaíodh an t-eagras sa bhliain 1814'; tá a cheanncheathrú suite i nDoire, Tuaisceart Éireann. Is é is príomhchuspóir do na Printísigh ná léigear Dhoire sa bhliain 1688 a cheiliúradh agus a chuimhne a urramú. B'ansin a d'ionsaigh Séamus a' Chaca (an rí Sasanach Caitliceach) Doire, a bhí ina cathair an-Phrotastúnach san am, agus mar sin, tá an-tábhacht leis an léigear seo i siombalachas an Aontachtachais thuaidh. Bíonn na Printísigh ag máirseáil sna sráideanna faoina gcuid bratach i ndilchuimhne ar na himeachtaí staire sin, agus ba mhinic a tharraing siad círéibeacha, agus an chuma dhúshlánach a bhí ar a gcuid mórshiúlta i súile na gCaitliceach. Le déanaí, táthar ag iarraidh cosúlacht agus cur chuige níos síochánta a chleachtadh, le maolú ar an teannas idirphobail.

Bosca Sonraí EagraíochtaPrintísigh Dhoire

Ainmnithe in ómósLéigear Dhoire Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaDílseachas Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn Protastúnachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1814
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinapprenticeboysofderry.org Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí nasc idir na Printísigh agus Páirtí Aontachtach Uladh ón mbliain 1911 go dtí na 1970í.

Sa bhliain 1969, nuair a rinne Constáblacht Ríoga Uladh (RUC) iarracht paráid de chuid na bPrintíseach a chur trí Thaobh an Phortaigh (nó Taobh an Bhogaigh) le treise lámh, thosaigh Cath Thaobh an Phortaigh (nó Cath Thaobh an Bhogaigh). Measainn a lán daoine gurbh é seo a chuir tús leis Trioblóidí dháiríre.

Sa bhliain 1986, chuir rialtas na Breataine cosc ar pharáid i bPort an Dúnáin. D'éirigh círéibeacha idir lucht tacaíochta na paráide agus an Chonstáblacht. Sa teagmháil seo, fuair Keith White bás, agus é ar an chéad Phrotastúnach riamh a cailleadh le piléar plaisteach le linn na dTrioblóidí.


Tá dhá ócáid cheiliúrtha ag na Printísigh i rith na bliana, mar atá, Dúnadh na nGeataí agus An Teacht chun Fortachta.