Ré Órga na bhFoghlaithe Mara

Tharla Ré Órga na bhFoghlaithe Mara sa Mhuir Chairib, san tAigéan Indiach chomh maith le cósta Mheiriceá agus cósta Iarthar na hAfraice den chuid ba mhó. Bhí roinnt cúiseanna leis an mborradh faoin bhfoghlaíocht. Bhí go leor mairnéalach díomhaoin mar gheall ar an tsíocháin a bhí tar éis teacht chun cinn san Eoraip. Chonaic na foghlaithe mara deis ann dóibh toisc go raibh cabhlaigh na dtíortha Eorpacha imithe i léig, agus go raibh méadú tar éis teacht ar an líon bád a bhí taisteal chuig an Eoraip le lastais luachmhara. Anuas air sin bhí traenáil agus taithí faighte ag na foghlaithe mara sna cabhlaigh chéanna (i gCabhlach Ríoga na Breataine ach go háirithe). Cúis eile ná go raibh na rialtais Eorpacha a bhí thar sáile sna coilíneachtaí tar éis éirí lag.

Bhí Amaro Pargo ar dhuine de na foghlaithe ba cháiliúla i Ré Órga na bhFoghlaithe Mara.

Bunús cuir in eagar

Cuireadh deireadh le Cogadh Chomharbas na Spáinne nuair a síníodh srath conarthaí sa bhliain 1713 ar a dtugadh Conradh Utrecht. Mar gheall air seo scaoileadh na mílte mairnéalaigh ó na fórsaí míleata. An toradh a bhí ar seo ná go raibh faic le déanamh ag na mairnéalaigh ag an am céanna is a bhí borradh ag teacht ar an trádáil tras-Atlantach. Freisin bhí mairnéalaigh ann a bhí bainteach leis an sclábhaíocht mar gheall ar dífhostaíocht ag iarraidh éirí as agus bheith ina bhfoghlaithe mara. Mar gheall ar seo bhí go leor foghlaithe mara ar fáil timpeall ar chósta Iarthar na hAfraice.

Trádáil Triantánach cuir in eagar

 

Tháinig borradh ar an trácht ar na lánaí loingseoireachta idir Muir Chairib, an Afraic, agus an Eoraip san 18ú haois. Glaodh an trádáil triantánach ar seo, agus b'áit luachmhar iad na lánaí seo d'fhoghlaithe mara. Seoladh longa ón Eoraip chuig an Afraic chun sclábhaithe a cheannach. Uaidh sin sheolaidís chuig Muir an Chairib chun iad a dhíol agus earraí ar nós siúcra agus cócó a cheannach. Is iad na sclábhaithe, siúcra, agus rum a hearraí is mó sa trádáil.

Thug an Spáinn cead don Bhreatain sclábhaithe a dhíoladh chuig a gcoilíneachtaí (glaodh an asiento ar seo). Chuir sé seo go mór le scaipeadh an píoráideacht in iarthar an Atlantaigh ag an am. Tháinig méadú mór ar an trádáil ón Afraic chuig na coilíneachtaí. Tharla sé seo ag an am céanna le líon mór mairnéalaigh bheith gan post. Lig sé seo do na fostóirí pá agus an caighdeán maireachtála ar a gcuid longa a ísliú. Bhí na riochtaí ar na longa go huafásach. Bhí ráta báis na sclábhaithe an-ard chomh maith le básráta na mairnéalach. Mar gheall air seo thiontaigh go leor mairnéalach ar shaol níos fearr mar fhoghlaí mara.

Foghlaithe Mara an Ré cuir in eagar

  • Stede Bonnet - B'úinéir talún saibhir ó Barbadós é a thiontaigh ar an bpíoráideacht ar son na heachtraíochta. Bhí sé ina chaptaein ar slúpa 10-ghunna ar a ghlaodh ''the Revenge''. Bhíodh sé ag píoráideacht den chuid is mó amach ó chósta Virginia sa bhliain 1717. Ghabhadh agus crochadh sa bhliain 1718 é.
 
  • Bartholomew Roberts - Glaodh 'Black Bart' air chomh maith. Bhí sé mar cheann de na foghlaithe mara is rathúil ag an am. B'eisean agus an Captaein Franics Spriggs na foghlaithe mara is luaithe go bhfios do staraithe a d'úsáid an Jolly Roger mar bhrat ar a longa. Maraíodh 'Black Bart' amach uaidh cósta na hAfraice sa bhliain 1722.

Mná a bhí ina foghlaithe mara cuir in eagar

Bhíodh mná mar fhoghlaithe mara chomh maith, agus iad go minic faoi cheilt mar fhir. Beirt a bhí an-chlú orthu ná Mary Read agus Anne Bonney (uaireanta litrithe Bonny), a bhí mar chomhghleacaí le Calico Jack Rackham.

Bhí fás aníos crua ag Bonney a d'fhág a fear céile chun bheith le Calico Jack tar éis bualadh leis sna Bahámaí. Ghléas máthair Mary Read í mar bhuachaill a saol ar fad agus tréimhse caite aici in airm na Breataine. Chuaigh sí chuig an Muir Chairib tar éis bhás a fir chéile agus thosaigh sí a bheith mar chomhluadar ag Calico Jack agus Anne Bonney.

 

D'éirigh leis an mbeirt éalú ó phionós an báis nuair a gabhadh iad, mar gheall ar go ndúirt siad go raibh siad ag iompar. Fuair Read bás sa phríosún den fiabhras agus ní raibh trácht ar bith ar Bhonney arís.

Tagairtí cuir in eagar

  • Rediker, Marcus. "Villains of all Nations: Atlantic Pirates in the Golden Age". Beacon Press: Boston (2004).

Naisc Seachtrachta cuir in eagar