Réadlann Ríoga Greenwich

Réadlann a bhunaigh Rí Séarlás II Shasana, a thóg an t-ailtire Christopher Wren i 1675 chun feabhas a chur ar loingseoireacht is coimeád ama. Lárnach in ullmhú féilirí is an Nautical Almanac (Almanag Mara), agus an-tábhachtach i gcoimeád an ama go dtí lár an 20ú céad. Freagrach as tástáil chronaiméadar mara John Harrison i 1736, 1749 is 1763, a réitigh fadhb thomhas an domhanleithid ar muir faoi dheireadh. Ag comhdháil i Washington i 1884 glacadh leis an ais tríd an teileascóp inti mar phríomhfhadlíne. Ba é seo an socrú a roinn an Domhan ina leathsféir thiar is thoir agus a chuir tús le leagan amach na n-amchriosanna idirnáisiúnta. Bogadh na gníomhaíochtaí eolaíocha go Herstmonceaux i 1948, agus rinneadh músaem is pláinéadlann as an tseanréadlann. Bogadh an phríomhoifig go Cambridge i 1990. Dúnadh í faoi dheireadh i 1998, agus bogadh oifig an Nautical Almanac chuig Saotharlann Rutherford Appleton in Oxfordshire.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Réadlann Ríoga Greenwich
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(en) Royal Observatory
Sonraí
CineálRéadlann agus díol spéise do thurasóirí
Cuid deMaritime Greenwich (en) Aistrigh agus Royal Museums Greenwich (en) Aistrigh
AiltireChristopher Wren
Foirgníocht4 Márta 1675 (Iúlach) Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla1675 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Airde os cionn na farraige68 m
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBuirg Ríoga Greenwich, England agus Buirg Londan Greenwich, England
SuíomhBuirg Londan Greenwich
Map
 51°28′40″N 0°00′05″W / 51.47783°N 0.00139°W / 51.47783; -0.00139
Le cuidAltazimuth Pavilion At The Royal Observatory (en) Aistrigh
Foirgneamh liostaithe Ghrád I
Am8 Meitheamh 1973
Aitheantóir1002036
Séadchomhartha sceidealaithe
Foirgneamh liostaithe Ghrád II
Altazimuth Pavilion At The Royal Observatory
Am21 Lúnasa 2002
Aitheantóir1031860
Gníomhaíocht
Bunaitheoir(í)Séarlas II Shasana
Minor Planet Center observatory code (en) Aistrigh000
Suíomh gréasáin oifigiúilrmg.co.uk…
Twitter: rogastronomers Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réadlann Ríoga Greenwich". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 551.