Aon réalta nach mbíonn a lonrachas tairiseach. Is féidir leis an athrú a bheith rialta nó mírialta. Bíonn cúiseanna éagsúla leis an bhfeiniméan seo. I ndéréalta uraithe, uraíonn an dís réaltaí a chéile go tréimhsiúil de réir mar a fheictear iad ó ionad faire an Domhain, agus laghdaíonn lonrachas na réalta uraithe. Tá réaltaí eile a bhíogann agus tarlaíonn athruithe tréimhsiúla sa lonrachas de bharr athruithe i méid is teocht dhromchlach na réalta. Is iad na saghsanna is suntasaí ná athraithigh Ceifide, réaltaí R. R. Lyrae, agus athraithigh fhadtréimhseacha Mira.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réalta athraitheach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 552.