Staidéar ildisciplíneach ar bhunús, dáileadh is todhchaí na beatha sa Chruinne. Pléann sí ceisteanna cosúil le conas a thosaíonn is a fhorbraíonn an bheatha, an bhfuil beatha áit éigin eile taobh amuigh den Domhan, agus cad atá in ann don bheatha ar Domhan is thall. Is cuid d'aidhmeanna NASA í.

Mar is eol do chách, níor thángthas ar bheatha ar bith ar aon phláinéad eile go fóill, agus mar sin níl sa réaltbhitheolaíocht i láthair na huaire ach teoiriceoireacht.

De réir thuiscint an lae inniu ní féidir teacht ar neacha beo cliste ar aon phláinéad sa Ghrianchóras s’againn.[1] Scéal eile é go bhfuil sé incheaptha gur fhorbair miocrorgánaigh, cinn a bheadh cosúil le [[víreas 88anna, in áit éigin. Tá tuairimíocht ann mar shampla go bhféadfaimis teacht ar bheatha shimplí den chineál sin sna cisil is airde thuas in atmaisféar Véineas.

Níltear cinnte, cé chomh cosúil a bheadh bitheolaíocht na neachanna eachtardhomhanda lenár mbitheolaíocht féin. Tá an bheatha ar an Domhan bunaithe ar an gcarbón mar phríomhdhúil, toisc nach bhfuil aon dúil cheimiceach eile in ann slabhraí fada d’adaimh den chineál chéanna a dhéanamh. Tá an smaoineamh ann gur féidir bithcheimic mhalartach a bhunú ar shlabhraí an tsileacain is na hocsaigine (ar an Domhan s’againn bíonn a leithéidí coitianta sna clocha – sna sileacáití). Is dócha áfach go mbeadh ról nach beag ag an gcarbón sa bhithcheimic shileacanbhunaithe freisin, chomh coitianta is a bhíos sé san ollchruinne.

Ceist chonspóideach eile é, an bhféadfadh leacht éigin eile gnó an uisce a dhéanamh don bheatha eachtardhomhanda: an amóinia, b’fhéidir. Bun scothláidir í an amóinia, agus í ina gás le teocht an tseomra, ach is féidir pláinéad fuar a shamhlú agus cónaí ar neachanna amóiniabhunaithe ansin. Ní fhéadfadh an cineál sin beatha úsáid a bhaint as an ocsaigin mar a dhéantar ar an Domhan, toisc gur dual don ghlanamóinia dul trí thine agus í ag teacht i dteagmháil leis an ocsaigin.

Cheap Carl Sagan, an réalteolaí clúiteach, na focail úd ”seoibhineachas carbóin” agus ”seoibhineachas uisce” agus é ag cur síos ar an tuiscint a bhí aige féin ar na cúrsaí seo: is éard a bhí sé a mhaíomh ná gur shíl sé nach bhféadfadh an bheatha eachtardhomhanda a bheith bunaithe ar aon bpríomhdhúil eile seachas an carbón (”seoibhineachas carbóin”), agus nach bhféadfadh sí déanamh in uireasa an uisce mar phríomhthuaslagóir (”seoibhineachas uisce”). Ní mór cuimhne a choinneáil air áfach gur féidir don bhithcheimic uiscebhunaithe charbónbhunaithe féin a bheith an-difriúil le ceimic na beatha domhanda.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réaltbhitheolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 552.