Réalteolaíocht ultraivialait

Brath is anailís radaíochta ó fhoinsí neamhaí sa raon tonnfhad 50-320 nm. Astaíonn na réaltaí is teo an chuid is mó dá radaíocht sa bhandaleithead seo, nach bhfuil inghlactha ach ag satailítí is roicéid (de bhrí go n-ionsúnn aer an atmaisféir an radaíocht seo thar níos mó ná leath den bhandaleithead seo ar thaobh na dtonnfhad gearr). Mar shampla, tá satailít a dtugtar an Taiscéalaí Ultraivialait Idirnáisiúnta uirthi (comhoibriú idir ESA, an Bhreatain is NASA) i mbun staidéar speictreagrafach ar réaltraí gníomhacha, cuasáir, réaltaí, agus an meán idir-réaltach sa raon tonnfhad 120-300 nm.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réalteolaíocht ultraivialait". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 554.