Tírdhreach ar leith i réigiún aolchloiche, nach mbíonn aon draenáil dhromchlach ann ach a dtarlaíonn draenáil trí scoilteanna ceartingearacha, caoil faoin talamh is plánaí laige sna carraigeacha. Bíonn slograigh, pasáistí cathair gríobháin is pluaiseanna le haolchuisní, aolchoinnle is lochanna faoin talamh, sainiúil do na réigiúin seo. Tagann an t-ainm ó réigiún mar seo ar chósta Mhuir Aidriad.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Réigiún carst". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 556.