Miotal trasdultach é an réiniam, arb é dúil uimhir a 75 é, agus is é an giorrúchán a sheasann dó ná Re. Miotal trasdultach geal trom é agus é ar ceann de na dúile is éagoitianta dá bhfuil ann. Tá éileamh mór agus praghas ard air dá réir sin, agus é tábhachtach san eitleoireacht, nó úsáidtear cuid mhór réiniam le haghaidh na gcóimhiotal as a ndéantar scairdinnill. Ba iad na heolaithe Gearmánacha Walter Noddack, Ida Tacke agus Otto Berg a d'aonraigh an chéad sampla réiniam sna 1920idí. D'ainmnigh siad an dúil as an Réin, abhainn mhór iarthar na Gearmáine.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachRéiniam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Réiniam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachRe
Uimhir adamhach75
Mais adamhach186.207
Cumraíocht leictreon[Xe] 4f¹⁴ 5d⁵ 6s²
Peiriad, Grúpapeiread 6
Dúil Ghrúpa 7
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1.9
Ga ianach0.63, 0.58, 0.55, 0.38 agus 0.53
Stair
AimsitheoirWalter Noddack, Ida Noddack agus Otto Berg
Fionnachtain1925
EapainmAn Réin

Tá dhá iseatóp nádúrtha ag an réiniam, Re-185 agus Re-187. Is é Re-187 an ceann is coitianta acu, agus é níos flúirsí (62.6 % de réiniam an dúlra) ná an ceann eile. Mar sin féin, is raidiseatóp é Re-187. Radaighníomhach is mar atá sé, tá sé an-fhadsaolach, rud a fhágann nach baol don duine radaighníomhaíocht an réiniam nádúrtha. Is é an cineál meath radaighníomhach a thagann ar an gcineál seo réiniam ná béite-mheath. Mar sin, is dual do réiniam-187 leictreon a astú agus claochlú go hoismiam-187.

ceimic an réiniam iontach casta, agus raon fada d'uimhreacha ocsaídiúcháin aige, ó -3 go +7. Is iad na sárréanáití, a bhfuil an t-ian sárréanáite ReO4- iontu, na comhdhúile is coitianta sa trádáil. Samplaí iad an tsárréanáit amóiniam NH4ReO4 agus an tsárréanáit sóidiam NaReO4. Is í an staid ocsaídiúcháin atá ag an réiniam sna sárréanáití ná +7.

Is iad na clóirídí is tábhachtaí atá ag an réiniam ná an heicseaclóiríd ReCl6, an pheinteaclóiríd ReCl5, an teitreaclóiríd ReCl4 agus an tríclóiríd ReCl3. Ina lán acu seo bíonn naisc chomhfhiúsacha idir na hadaimh réiniam, rud is minic a tharlaíonn sna comhdhúile ina bhfuil uimhir ocsaídiúcháin an réiniam níos ísle ná +7. Maidir leis na hocsaídí, is í an heaptocsaíd déréiniam Re2O7 an ceann is tábhachtaí acu. Imoibríonn an heaptocsaíd go fíochmhar leis an uisce ionas go gcruthaítear tuaslagán an aigéid shárréanaigh, agus is salainn de chuid an aigéid seo iad na sárréanáití.

Tagairtí cuir in eagar