San fhisic, is éard is radaíocht ann ná astú nó tarchur fuinnimh i bhfoirm tonnta nó cáithníní trí spás nó trí mheán ábhair.[1][2] Cuirtear na cineálacha seo san áireamh:

Is minic a dhéantar rangú ar chineál radaíochta mar ianaíochneamhianaíoch, ag brath ar fhuinneamh na gcáithníní radaithe. Iompraíonn radaíocht ianaíoch níos mó ná 10 eV, ar leor é chun adaimh agus móilíní a ianú agus naisc cheimiceacha a bhriseadh. Is idirdhealú tábhachtach é seo mar gheall ar an difríocht mhór sa mhéid dochair a dhéantar d'orgánaigh bheo. Foinse choitianta na radaíochta ianaíche is ea ábhair radaighníomhacha a astaíonn radaíocht α, β, nó γ. I measc na bhfoinsí eile tá x-ghathanna ó scrúduithe radagrafaíochta, agus muóin, méisóin, posatróin, neodróin agus cáithníní eile a tháirgtear nuair a dhéanann gathanna cosmacha idirghníomhú le hatmaisféar an Domhain.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Weisstein, Eric W.. “Radiation”. Eric Weisstein's World of Physics. Wolfram Research. Dáta rochtana: 2014-01-11.
  2. Radiation”. The free dictionary by Farlex. Farlex, Inc.. Dáta rochtana: 2014-01-11.