Is éard is raideolaíocht ann ná speisialtacht leighis a bhaineann úsáid as an íomháú míochaine le diagnóis agus cúram leighis a chur ar fáil do ghalair ar féidir iad a fheiscint leis an íomháú. Baineann raideolaithe úsáid as réimse fhorleathan den teicneolaíocht íomháithe (mar shampla; x-ghathú, ultrafhuaim (UF nó US), tomagrafaíocht ríomhairithe (TR nó CT), míochaine núicléach, tomagrafaíocht astúchán posatrón (TAP nó PET), íomháú athshondais mhaighnéadaigh (ÍAM nó MRI)) le galair a aithint nó a leigheas. Is éard is raideolaíocht idirghabhálach ann ná cleachtadh na ngnáthamh míochaine, íos-ionraidh de ghnáth, le cabhair na dteicneolaíochtaí íomháithe. Is gnách go nglacann an radagrafaí nó an teicneolaí raideolaíoch na híomhánna leighis.

Raideolaí ag baint céille as íomhánna leighis ar stáisiún oibre nua-aimseartha córas chartlannú pictiúr agus cumarsáide (CCPC nó PACS). San Diego, CA, 2010.
Dr. Macintyre's X-Ray Film (1896)

Cineálacha cuir in eagar