Raidió na Life

stáisiún raidió Gaeilge in Éirinn

Is stáisiún raidió Gaeilge é Raidió na Life, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, in oifigí Fhoras na Gaeilge 63-66 Sráid Amiens, Baile Átha Cliath 1. 'Cuisle na Cathrach' a thugtar ar an stáisiún deonach, atá ag craoladh ó Fhómhar na bliana 1993.

Bosca Sonraí EagraíochtaRaidió na Life
Sonraí
Cineálstáisiún raidió Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1993

Suíomh gréasáinrnl106.com Cuir in eagar ar Wikidata
Comhartha de chuid an stáisiún
mion
Raidió na Life lonnaithe in Áras na Gaeilge ar Shráid Amiens i gCathair Bhaile Átha Cliath

Craolann an stáisiúin ó 7am go 4am ó Luan go hAoine agus 24 sa lá ag an deireadh seachtaine ar 106.4MM(FM) agus ar an idirlíon. Tá sceideal an stáisiúin mar aon le h-eolas cuimsitheach ar fáil ar an suíomh idirlíon www.raidionalife.ie atá acu agus is féidir éisteacht le beoshruthú ar an idirlíon. Tá an stáisiún ar fáil ar an Seinnteoir Raidió (aip) chomh maith.

Stair cuir in eagar

Nuair a tháinig an acht craolacháin i bhfeidhm i 1988, tugadh feidhm reachtaíochta don gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách (CRTN/IRTC) ceadúnais a bhronnadh ar stáisiúin pobail agus tráchtála.[1] Tháinig dream gníomhairí teanga le chéile chun féidearthachtaí raidió pobail Gaeilge a bhunú. Bunaíodh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta (CRÁCT) ar 4 Iúil 1989 mar eagraíocht neamhbhrabúsach chun seirbhís chuimsitheach chraolacháin a sholáthar do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail. Thosaigh an comharchumann ag díol scaireanna ar ar £25 an ceann agus bunaíodh coiste bunaithe ina raibh Éamon Ó Cíosáin mar cathaoirleach mar chathaoirleach air.

An Chéad Craoladh cuir in eagar

Chuir an Comharchumann feachtas poiblíochta ar bun agus rinneadh siad taighde ar an éileamh a bheadh ann don tseirbhís. Cuireadh iarratas cuimsitheach ar cheadúnas craolacháin sainspéise faoi bhráid an CRTN i 1990 agus bronnadh ceadúnas coicíse orthu le linn Oireachtas na Gaeilge 1919 i mBaile Átha Cliath. Le cabhair an teicneoir Rónán Ó Fearaíl a bhí ag obair in RTÉ feistíodh dhá sheomra ar chúl Fhoras na Gaeilge le bheith mar stiúideo raidió. Bronnadh an cúram ar Rónán Ó Dufaigh a bhí ag obair do BLB (Bray local Broadcast) theacht ar craoltóirí agus an coicís craoladh a reáchtáil

Mar gur éirigh chomh maith leis an gcoicís seo cruthaíodh don choiste go bhféadfaí stáisiún Gaeilge don chathair a reáchtáil ar bhonn leanúnach. Chinn an coiste tabhairt faoi iarratas chun ceadúnas lánaimseartha a lorg agus d'éirigh leo.

Ar an 25 Meán Fómhair 1993, thosaigh Raidió na Life ag craoladh Tá Raidió na Life, fé stiúir CRÁCT agus le ceadúnas ó Údarás Craolacháin na hÉireann ó 1993 i leith. Bronnadh athnuachan ar cheadúnas Raidió na Life ar feadh deich mbliana eile ó Eanáir na bliana 2017.

Ag craoladh ar mhinicíocht ‘102 Beo’ ar 102.2 FM nuair a thosaigh sé ag craoladh in 1993, ba é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió lán-Ghaeilge neamhspleách a chuaigh ar an aer (breis agus scór bliain i ndiaidh do RTÉ Raidió na Gaeltachta tosú ag craoladh). Stáisiún pobail comhleasa dírithe ar phobal na Gaeilge, ba Raidió na Life freisin an chéad stáisiún raidió pobail in Éirinn a fuair ceadúnas ón gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách. Tá anois breis agus scór stáisiún pobail ag craoladh i ngach cearn den tír – agus ba Raidió na Life an chéad cheann acu.

Ag craoladh ar mhinicíocht ‘102 Beo’ ar 102.2 FM nuair a thosaigh sé ag craoladh in 1993, ba é Raidió na Life an chéad stáisiún raidió lán-Ghaeilge neamhspleách a chuaigh ar an aer (breis agus scór bliain i ndiaidh do RTÉ Raidió na Gaeltachta tosú ag craoladh). Stáisiún pobail comhleasa dírithe ar phobal na Gaeilge, ba Raidió na Life freisin an chéad stáisiún raidió pobail in Éirinn a fuair ceadúnas ón gCoimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách. Tá anois breis agus scór stáisiún pobail ag craoladh i ngach cearn den tír – agus ba Raidió na Life an chéad cheann acu!

Ón uair ar thosaigh sé ag craoladh in 1993, bhain RnaL agus a chraoltóirí clú amach dóibh féin go tapa mar stáisiún a bhí réabhlóideach agus ceannródaíoch – do ghlúin óg de chainteoirí Gaeilge san ardchathair go háirithe. Bhí faobhar uirbeach ag baint le stíl chraolacháin an stáisiúin agus sheas sé amach ón slua, ní amháin i dtírdhreach na meán cumarsáide Gaeilge (bhí breis agus trí bliana eile ann sular tháinig Teilifís na Gaeilge ar an aer), ach i dtírdhreach na meán trí chéile. Mheall polasaí liobrálach ceoil an stáisiúin daoine nua le bheith ag éisteacht leis an raidió trí Ghaeilge freisin, fiú iad siúd nach raibh ach an cúpla focal acu, ach a raibh bá acu don teanga. Leag RnaL spotsolas ar cheol nua nach gcloisfí in aon áit eile ar na haerthonnta, agus d’athraigh sé an cur chuige a bhain le raidió Gaeilge go dtí sin. Den chéad uair, bhí ceol na gcairteacha, rac-cheol, ceol leictreonach, snagcheol, ceol domhanda agus neart eile ar fáil ar an aer do phobal na Gaeilge ar stáisiún lán-Ghaeilge a raibh mar sprioc aige seasamh gualainn le gualainn leis na stáisiúin raidió chomhaimseartha eile ar fad a bhí le cloisteáil ar na haerthonnta.

Bhí cead a gcinn ag láithreoirí RnaL ceol le liricí Béarla a sheinm, athrú mór ag an am. Bhí mana ag an mBainisteoir Stáisiúin Rónán Ó Dubhthaigh ag an am, mana atá fós in úsáid ag an stáisiún: “tá dhá theanga le cloisteáil ar Raidió na Life: An Ghaeilge, agus an Ceol”.

Bhí an stáisiún lonnaithe i gCearnóg Mhuirfean go dtí gur bhog an stáisiún in éineacht le Foras na Gaeilge chuig áras nua ar Shráid Amiens i mí Dheireadh Fómhair 2017.[2]

Sna tríocha bliain ó 1993 go 2023, tá na mílte craoltóir deonach tar éis cláir a chur i láthair nó páirt a ghlacadh i RnaL ar shlí amháin nó ar shlí eile. Leanann an stáisiún ag cur ardán ar fáil do dhaoine óga agus do dhaoine de gach aois chun iad féin a chur in iúl, taithí chraolacháin a ghnóthú, agus le smaointe nua a fhorbairt trí na cláir a chuireann siad i láthair ar an stáisiún.

 
Sharon Ní Bheoláin

Bainisteoirí cuir in eagar

Rónán Ó Dubhthaigh 1993 - 1994.

Fionnuala Mac Aodha 1994 - 2005.

Maebh Ni Fhallúin 2005 - 2007.

Muiris Ó Fiannachta 2007 - 2020 >.

Foireann Deonach

De dheasca nádúr deonach na hoibre a dhéantar i Raidió na Life, chaith na mílte láithreoirí, iriseoirí, teicneoirí, agus taighdeoirí seal ag obair ann thar na mblianta. Le linn comóradh 10 mbliana den stáisiún mhaígh an bainisteoir Fionnuala Mac Aodha go raibh míle duine théis seal oibre a dhéanamh sa stáisiún,

Craoltóirí Cáiliúla[3]

I measc na gcraoltóirí cáiliúla a fuair a gcleachtadh craoltóireachta i Raidió na Life tá Sharon Ní Bheoláin agus Sinéad Crowley ó Nuacht RTÉ, Aileen Gormley ó Lyric FM, Tom Ó Brannagáin ó 98 FM, Aoibhinn Ní Shúilleabháin (RTÉ), Aoife Nic Cormaic (RTÉ Raidió a hAon), Deirdre Ní Dhálaigh (RTÉ Raidió a hAon), Fachtna Ó Drisceoil (RnaG, RTÉ Raidió a hAon), Ciarán Leonach (Nuacht TG4/RTÉ), Ruairí Mac Con Iomaire (Nuacht TG4/RTÉ), Joe Reddington (Nuacht TG4/RTÉ), Brian Páircéir (Teilifís RTÉ), Michael McCormack (Léiritheoir RTÉ), Aedin Conlon (RTÉ), Seán Ó hÉanaí (RTÉ RnaG), Rossa Ó Snodaigh (láithreoir TG4), Cearbhall Ó Síocháin (RTÉ RnaG), Dónal Ó Maolfabhail (Léiritheoir neamhspleách teilifíse), Sonia Nic Giolla Easbuig (Léiritheoir neamhspleách teilifíse), neamhspleách), Rónán Ó Muirthile (NewsTalk, léiritheoir neamhspleách teilifíse), Gráinne Faller (Teilifís RTÉ/Irish Times), Diarmaid Mac Mathúna(léiritheoir Agtel), Róisín Saxe (MTV/VH1), Barbara Nic Dhonnchadha (Láithreoir raidió), Dáithí Ó Dáibhín (láithreoir Top 40 Oifigiúil na hÉireann), Daragh Ó Tuama (iriseoir), Colm Ó Mongáin (RTÉ), Clíona Ní Chíosáin (Aifric Tg4), Caoimhe Ní Chathail (Láithreoir BBC Blas), Laura Gaynor (BBC)  agus na sluaite daoine eile nach iad.

Gradaim cuir in eagar

Tá go leor gradaim agus duaiseanna bainte ag Raidió na Life thar na blianta. Ina measc tá Gradam Bhord na Gaeilge 1999, Gradam na hAislinge 2003, Duaiseanna Oireachtas na Gaeilge, Eachtraí Nua sa Chraoltóireacht 2000/2005 agus gradam Stáisiún Raidió na Bliana ag an Fhéile na Meán Ceilteach in 2013. Le déanaí, faigheann an stáisiún maoiniú faoi scéim Sound & Vision an BAI.

30 Bliain ar an bhFód in 2023 cuir in eagar

Bhuaigh RnaL Stáisiún Raidió na Bliana 2022 ag Féile na Meán Ceilteach agus iad ag leanúint de sheirbhís raidió pobail Gaeilge a sholáthar do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar bhonn oideachasúil agus pobail ó 1993. Bhí an stáisiún ag fáil tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge agus ó Choimisiún na Meán agus bhí foireann bheag de cheathrar lánaimseartha agus duine páirtaimseartha fostaithe sa stáisiún an tráth sin.

Mar stáisiún a fheidhmíonn ar bhonn deonach go príomha agus a bhraitheann ar thacaíocht ón phobal, is craoltóirí deonacha is mó a bhíonn ar Raidió na Life.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Fúinn – Raidió na Life – 106.4 FM" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-09-25.
  2. Caoimhe Ní Laighin (EAGRÁN 89 · MEÁN FÓMHAIR 2008). "Raidió na Life: Breithlá leictreach!" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2022-07-31.
  3. Nuacht RTÉ (2023-09-25). "Breithlá sona 30 bliain ag Raidió na Life" (as ga).