Raithneach uisce

speiceas plandaí

Raithneach uisciúil a shnámhann go saor is ea raithneach uisce.[1] Dúchasach do réigiúin thrópaiceacha is fhothrópaiceacha, ach nádúraíodh go forleathan í i réigiúin níos fuaire ar fud na hEorpa, bíodh is go bhfulaingíonn sí cuid mhaith dochair sa gheimhreadh. An gas cúpla ceintiméadar ar fhad, géagach le froinn fhorluite, cosúil le crotail, clúdaithe le ribí neamhinfhliuchta, scothdhearg sa bhfómhar. Go minic cumhdaíonn sí dromchla an uisce i locha, locháin is díoga.[2]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoRaithneach uisce
Azolla filiculoides Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
AicmePolypodiopsida
OrdSalviniales
FineSalviniaceae
GéineasAzolla
SpeiceasAzolla filiculoides Cuir in eagar ar Wikidata
Lam., 1783 agus 1783

Tagairtí cuir in eagar

  1. “Azolla filiculoides” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Raithneach uisce". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 549.